William Ramsay
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Ceimiceoir Albanach ab ea an Ridire William Ramsay (2 Deireadh Fómhair, 1852 - 5 Iúil, 1916). Rugadh i nGlaschú é, mac le William Ramsay, C.E agus Catherine Ramsay a rugadh mar Robertson. Ba nia é don geolaí An Ridire Andrew Ramsay. Bhain sé clú amach mar gheall ar a chuid oibre leis na Triathgháis. D'aimsigh sé Argón (1894), Héiliam (1895), Neon (1898), Criptón (1898), agus Xeanón (1898)
[athraigh] A shaol
Rinne Ramsay a chuid staidéir in Ollscoil Ghlascú, faoi Thomas Anderson agus ina dhiaidh sin chuaigh sé chun na Gearmáine, go dtí Ollscoil Tübingen, áit ar scríobh sé a thráchtas dochtúireachta dar theideal “Investigations in the Toluic and Nitrotoluic Acids”.
D'fhill Ramsay ar Ghlascú, mar chúntóir d'Anderson i gColáiste Anderson. Ceapadh é in Ollamh sa Cheimic, in Ollscoil Bhristol, sa bhliain 1879. Phós sé Margaret Buchanan sa bhliain 1881, an bhliain chéanna ar cheapadh é ina 'Phríomhoide' nó 'Cheannaire' ar Ollscoil Bhristol. Lean sé de shíor ar aghaidh lena chuid taidhde sa Cheimic Orgánach agus sna Triathgháis.
I 1887 tháinig sé i gcomharbas ar Alexander Williamson mar 'Chathaoirleach na Ceimice' i gColáiste na hOllscoile i London. Fuair sé bás in High Wycombe, Buckinghamshire, i 1916.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


