William H. Sadlier, Inc.

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaWilliam H. Sadlier, Inc.
Sonraí
Cineálgnó Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1832
Gníomhaíocht
Táirgeleabhar Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Sadlier preparatory history of the United States (1886)

Is é William H. Sadlier, Inc. an comhlacht foilsitheoireachta is sine sna Stáit Aontaithe atá faoi úinéireacht aon teaghlaigh amháin.[1]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh Denis agus James Sadlier, beirt deartháireacha, ó Caiseal, Contae Thiobraid Árann go Cathair Nua-Eabhrac, sna Stáit Aontaithe, sa bhliain 1832 agus thosaigh siad ag foilsiú ábhar spioradálta agus oideachasúil do Chaitlicigh.

Faoin ainm D&J Sadlier, d'fhoilsigh siad an t-eagrán Meiriceánach de Butler's Lives of the Saints, Bíobla Caitliceach Mericeánach, agus saothar cráifeach eile. Tar éis tamaill, chur siad nuachtán Caitliceach seachtainiúil ar siúl, mar atá The Tablet. Faoin ainm Mrs. J. Sadlier, d'aistrigh Mary Anne Sadlier roinnt leabhar spioradálta ón bhFraincis go Béarla. Scríobh sí seasca éigin úrscéal chomh maith don phobal Caitliceach Éireannach.

Faoi F. Sadlier Dinger san 20ú haois, tháinig borradh mór faoi na cláir caiticheasmaí agus acadúla. Nuair a cheannaigh Sadlier an Oxford Book Company sa bhliain 1972, osclaíodh doirse nua dóibh i margadh na scoileanna ag foilsiú ábhar i gcomhair an léinn shósialta, Béarla agus matamaitice.

Sa bhliain 1973, d'fhoilsigh Sadlier a gcéad théacsleabhar dátheangach Spáinnise-Béarla, Jesus Nos Dice.

Sadlier inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faoi láthair cuimsíonn Sadlier dhá líne foilsitheoireachta: Sadlier School (K–12), agus Sadlier Religion (caiticeasmaí agus a leithéid, K–daoine fásta).

Is le deartháireacha de mhuintir Sadlier an comhlacht go dtí an lá atá inniu ann: Frank Sadlier Dinger, ceannaire bhord an chomhlachta, agus William Sadlier Dinger, uachtarán an chomhlachta. D'fhreastail an bheirt acu ar Ollscoil Notre Dame.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]