Walter Kohn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Walter Kohn, 2012

Fisicí teoiriciúil a rugadh i Vín na hOstaire ar an 9 Márta 1923, a d'oibrigh i gCalifornia is ea Walter Kohn. Cuireadh chun Sasana é sa Kindertransport sa bhliain 1933, agus ansin ar aghaidh go Ceanada mar a bhfuair sé a chuid oideachais go dtí 1948, bliain a thug sé faoi chlár dochtúireachta in Ollscoil Harvard. Bhí saoránacht Cheanadach aige ach d'éirigh sé aisti nuair a bhain sé saoránacht Mheiriceánach amach sa bhliain 1957. Giúdaigh a mhuintir agus cuireadh a thuismitheoirí chun báis san Uileloscadh.

Bhain an taighde is suntasaí a rinne sé le forbairt theoiric na dlúsfheidhme chun cur síos ar airíonna móilíní is a bpróiseas imoibrithe, agus ról na dochúlachta sna cúrsaí sin. Le John Pople, bhuaigh sé Duais Nobel sa cheimic sa bhliain 1998 as an saothar.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]