Vanaidiam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Vanaidiam
Siombail Cheimiceach V
Uimhir Adamhach 23
Meáchan Adamhach 50.9415(1) g·molsup>-1
Grúpa, Peiriad 5, 4, d
Dlús 6.0 g·cm-3
Sraith Cheimiceach Miotail trasdultacha
V-TableImage.svg

Miotal bog geal-liath insínte é an vanaidiam arb é dúil cheimiceach uimhir a 23 é. Ceann de na miotail trasdultacha atá ann, agus is é V an tsiombail cheimiceach a thagraíonn dó. Faoi thionchar an aeir, tagann brat ocsaíde ar an vanaidiam a fhágann díonta ar an ocsaídiú é. Ba é an ceimiceoir Spáinneach Andrés Manuel del Río a d'aithin an vanaidiam mar dhúil ar leith an chéad uair riamh, thiar sa bhliain 1801, nuair a bhí sé ag anailisiú vanadainíte - mianra ar tháinig sé air i Meicsiceo. Thug del Río "pancróimiam" agus, ina dhiaidh sin, "eiritreoiniam" ar an dúil nua, ach ní raibh na heolaithe eile sásta a chreidiúint go raibh a leithéid d'fhionnachtain déanta aige. Bhí siad den bharúil nach raibh i gceist leis an eiritreoiniam ach cróimiam neamhghlan, agus ceithre bliana ina dhiaidh sin, tharraing del Río ar ais an t-éileamh a rinne sé.

Andrés Manuel del Río

Tháinig Nils Gabriel Sefström, ceimiceoir Sualannach, trasna ar an vanaidiam arís sa bhliain 1831, agus ba eisean a d'ainmnigh é. Fuair sé an t-ainm ó Freyja, bandia na háilleachta is na torthúlachta i miotaseolaíocht na Lochlannach. Ceann d'ainmneacha Freyja is ea "Vanadís". Is iad dathanna áille na gcomhdhúl éagsúil vanaidiam a spreag an t-ainmniú seo.

Tá dhá iseatóp nádúrtha ag an vanaidiam. Is é an t-iseatóp cobhsaí, 51V, an ceann is flúirsí, ach tá 0.25 % de 50V ann freisin. Raidiseatóp é agus é iontach fadsaolach, agus is iad an dá chineál meath radaighníomhach a thagann air ná an béite-mheath agus an leictreonghabháil.

Tá ceithre uimhir ocsaídiúcháin ag an vanaidiam, agus a dath féin ag gach staid ocsaídiúcháin: +2 (corcra), +3 (uaine), +4 (gorm) agus +5 (buí). Is í an pheantocsaíd dévanaidiam (V2O5) an chomhdhúil is tábhachtaí ó thaobh na heacnamaíochta de, agus é iontach úsáideach i dtáirgeadh an aigéid shulfaraigh, ós rud é go bhfuil sé in ann dé-ocsaíd an tsulfair, SO2, a ocsaídiú go trí-ocsaíd an tsulfair, SO3, arb í ainhidríd an aigéid shulfaraigh í (is é sin, nuair a imoibreoidh sí le huisce, iompóidh sí ina haigéad sulfarach). Amhábhar lárnach é an t-aigéad sulfarach sa tionsclaíocht cheimiceach, agus mar sin, is léir go bhfuil tábhacht eacnamaíoch leis an bpeantocsaíd vanaidiam.