Cróimiam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachCróimiam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach
Cróimiam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachCr
Uimhir adamhach24
Mais adamhach51.9961
Cumraíocht leictreon[Ar] 3d⁵ 4s¹
Peiriad, Grúpapeiread 4
Dúil Ghrúpa 6
Airíonna fisiceacha
Dlús7.14 kg/m⁻³
Leáphointe1,907, 3,465 agus 1,856.9
Fiuchphointe4,788, 2,671.9 agus 2,945
Leictridhiúltacht1.66
Ga ianach0.73, 0.62, 0.41, 0.55, 0.26 agus 0.44
Stair
AimsitheoirLouis Nicolas Vauquelin
Fionnachtain1797
Eapainmcolor field (en) Aistrigh

Is é an cróimiam dúil uimhir a 24 i dtábla peiriadach na ndúl. Is é an giorrúchán a sheasann dó ná Cr, agus é 51.9961(6) g·mol−11 ar mheáchan adamhach. Is miotal crua, intuargainte é a bhfuil dath cruachliath lonrach ann. Is féidir snas maith a chuir air, agus tá leáphointe ard aige. Ní thagann boladh as, agus bíonn blas leamh ann.

Tá cróimiam an dúlra comhdhéanta as trí iseatóp cobhsaí, mar atá, 52Cr, 53Cr agus 54Cr. Is é 52Cr an ceann is flúirsí (83.789% den chróimiam nádúrtha). Na hiseatóip radaighníomhacha atá ann, is iseatóip shaorga iad go léir, agus níl mórán fad saoil ag aon cheann acu.

Ba é Louis Nicolas Vauquelin ba thúisce a d'aithin an cróimiam, thiar sa bhliain 1797. D'aonraigh sé ón gcróichít é. Mianra í an chróichít agus is éard atá ann ná crómáit luaidhe, PbCrO4.

Mian chróimíte

Is ón bhfocal Sean-Ghréigise "chrōma" (χρωμα) a thagann ainm na dúile, focal a chiallaíonn 'dath', toisc go mbíonn dathanna láidre ina lán comhdhúl de chuid an chróimiam. Tá a lán uimhreacha ocsaídiúcháin éagsúla ag an gcróimiam. Is é +3 an staid ocsaídiúcháin is coitianta aige, áfach, agus aithnítear a lán comhdhúl den chineál seo. Uimhir ocsaídiúcháin thábhachtach eile é +6. Is é seo an uimhir ocsaídiúcháin atá ag an gcróimiam sa trí-ocsaíd aonchróimiam, CrO3, ar a dtugtar "aigéad crómach" sa trádáil. Le fírinne, níl ann ach ainhidríd an aigéid seo, agus níl an t-aigéad féin, H2CrO4, le fáil ach i dtuaslagáin uisce na trí-ocsaíde. Tá an chrómáit, ainian an aigéid chrómaigh, in ann salainn a chruthú in éineacht le caitiain na miotal, cosúil leis an gcrómáit luaidhe a ndearnadh tagairt di cheana féin. Ón taobh eile de, tá caitian ann freisin ina bhfuil an uimhir ocsaídiúcháin seo ag an gcróimiam - an chróimíl CrO22+. Tá an caitian seo le fáil, cuir i gcás, sa chlóiríd chróimíle CrO2Cl2.

Dealraíonn sé go bhfuil beagáinín den chróimiam de dhíth ar chorp an duine le haghaidh mheitibileacht an tsiúcra agus na lipidí, ach is beag duine ar tháinig easpa chróimiam riamh air. Is é an nimhiú cróimiam is minice a bhuaileann daoine, nó is amhlaidh gur nimh agus carcanaigin (ábhar ailse) atá sna comhdhúile ina bhfuil an uimhir ocsaídiúcháin +6 ag an gcróimiam. Ní féidir leis an orgánach daonna leas a bhaint ach as Cr(III), is é sin, cróimiam a bhfuil an uimhir ocsaídiúcháin +3 aige.

Úsáidtear an chuid is mó den chróimiam theicneolaíoch i leictreaphlátáil an iarainn agus i ndéantús na cruach dosmálta.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]