Val Logsdon Fitch

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí a saolaíodh i Merriman, Nebraska is ea Val Logsdon Fitch (1923-). D'oibrigh sé ar Thionscadal Manhattan chun an buama adamhach a dhéanamh. Ansin rinne sé taighde bunúsach ar adaimh mhuónacha (adaimh le múóin throma in ionad leictreon sna fithiseáin sheachtracha) a thairg go raibh an núicléas níos lú ná mar a ceapadh. I 1964, ag obair le James Cronin, léirigh sé nár imchoimeádadh comhshiméadracht na paireachta is an chomhchuingriú luchta i meath lag céón neodrach. Roinn siad Duais Nobel sa bhfisic i 1980 as an léargas bunúsach seo i bhfisic na gcáithníní.