James Watson Cronin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí a rugadh i Chicago is ea James Watson Cronin (1931-). I 1964, ag obair le Val Fitch, léirigh sé nach n-imchoimeádtar comhshiméadracht na paireachta is an chomhchuingriú luchta i meath lag céón neodrach. Roinn an bheirt Duais Nobel sa bhfisic i 1980 as an léargas bunúsach seo i bhfisic na gcáithníní.