Uair ar son an Domhain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtUair ar son an Domhain
Íomhá
Cineálimeacht féiltiúil Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósAn Domhan Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht31 Márta 2007 - 
Lá den tseachtainAn Luan Cuir in eagar ar Wikidata
Fad ama10 h Cuir in eagar ar Wikidata
Eatramh imeacht3 bliain Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)WWF na hAstráile Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhábhartéamh domhanda Cuir in eagar ar Wikidata
EagraíCiste Domhanda Fiadhúlra Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide
Le cuid

Suíomh gréasáinearthhour.fr Cuir in eagar ar Wikidata
Haischlib#EarthHour Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: earthhour Twitter: earthhour Instagram: earthhourofficial LinkedIn: earth-hour-global Youtube: UCyhQYJYlOGyUHhQLHlpNb8g Cuir in eagar ar Wikidata


Curitiba, Paraná, 27 Márta, 2010
Físeánː Circo Nova le Kevin Mcleod, 2014

Ceiliúrtar "Uair ar son an Domhain" (Earth Hour i mBéarla) oíche amháin sa bhliain[1], i mí na Márta, idir leathuair tar éis a hocht i.n. agus leathuair tar éis a naoi i.n. (is cuma an t-amchrios – an t-amchrios áitiúil atá i gceist). Ar fud an domhain. múchann daoine na soilse nach bhfuil ag teastáil ina dtithe. Ba mhaith leo a thaispeáint do na polaiteoirí go bhfuil siad imníoch faoin domhan agus faoin timpeallacht.[2] Cuireann sí i gcuimhne dúinn go bhfuil an cumas sa duine athrú suntasach a dhéanamh agus tugann cuireadh do gach duine ar an bpláinéad machnamh a dhéanamh ar an tionchar atá againn ar an dúlra.

Droichead San Francisco Golden Gate, 2011

Gluaiseacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Castar as na soilsí in os cionn 350 de na sainchomharthaí is aitheanta ar domhan, amhail Túr Eiffel, an  Empire State Building agus Áras Ceoldrámaíochta Sydney, agus sna milliúin tithe cónaithe chomh maith.[3]

Sky Tower, Auckland

Gluaiseacht dhomhanda dlúthpháirtíochta atá ann, chun aird a tharraingt ar an tábhacht a bhaineann le gníomhú chun ár bpláinéad leochaileach a chosaint ó éifeachtaí an athraithe aeráide.[4][5] Is féidir féachaint ar chasadh as na soilse mar ghníomh siombalach agus mar chuireadh dúinn mar shaoránaigh ár gcumhacht féin a chasadh air.

Conspóid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá roinnt daoine ar son an choincheapa seo, “Uair ar son an Domhain.” Agus tá daoine eile ina aghaidh.[6] Deir siad nach bhfuil gá fanacht bliain eile. Is féidir linn na soilse breise a mhúchadh anocht, agus gach oíche sa bhliain.

Londain, 2014

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh tús le Earth Hour sa bhliain 2007 ó shin i Sydney na hAstráile le hócáid “soilse múchta”. Bíonn na milliúin páirteach ann anois ar fud an domhain.

In Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le linn "Uair ar son an Domhain 2017", i ngotha siombalach chun léiriú gur féidir gníomhartha duine aonair dul i bhfeidhm ar an domhan mhór, mhúch gach solas neamhriachtanach in Áras an Uachtaráin, seachas solas an Uachtaráin a lonraíonn ó fhuinneog d’eisimircigh na hÉireann agus a sliocht.[7]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Eleathanach 258, 27 Márta 2017
  2. Office of the President of Ireland. "Diary President And Sabina Higgins Mark Earth Hour By Switching Off The Lights At" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2022-03-26.
  3. Office of the President of Ireland. "Diary President And Sabina Mark Earth Hour 2020" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2022-03-26.
  4. Office of the President of Ireland. "Diary President And Sabina Mark Earth Hour 2021" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2022-03-26.
  5. Dúirt an tUachtaránː "Tá an t-am á mheilt inár dtroid chomónta in aghaidh an athraithe aeráide agus an chaillteanais bithéagsúlachta. Ní mór dúinn an dearcadh atá anois ann maidir le glasú ár ngeilleagair agus ár sochaí a mhúscailt, an gníomh atá riachtanach a chur i bhfeidhm, mar a léirítear i gComhaontú Pháras agus sna Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, chun toil na saoránach ar fud an domhain a fhíorú."
  6. blogs.transparent.com
  7. Office of the President of Ireland. "Diary President And Sabina Higgins Mark Earth Hour By Switching Off The Lights At" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2022-03-26.