Ciste Domhanda Fiadhúlra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Eagraíocht dheonach idirnáisiúnta a bunaíodh i 1961 é an Ciste Domhanda Fiadhúlra (Béarla: World Wide Fund for NatureWWF), a phríomhoifig san Eilvéis. Tá mar aidhm aige eolas a scaipeadh chun ainmhithe fiáine, plandaí is áiteanna atá i mbaol a chaomhnú, agus úsáid níos éifeachtaí inmharthanaí a bhaint as acmhainní nádúrtha an Domhain. D'eagraigh sé feachtais chun an tiogar, an goraille is an panda a shábháilt. Gníomhach i dtimpeall 100 tír.