Athrú aeráide

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é atá i gceist le hathrú aeráide ná an tathrú in aeráid domhanda an Domhain nó in aeráidí réigiúnacha thar tréimhse ama. Cuireann sé síos ar na harthuithe in athraitheacht nó i meánstaid an atmaisféir thar réimsí amscálaí ó deich mbliana go na milliún blian. Is feidir gur próisis inmheánacha an Domhain (mar sh. bolcáin), fórsaí seachtracha (mar sh. éagsúlachtaí i ndéine solais gréine) nó, le déanaí, gníomhaíochtaí daonna is cúis le na hathruithe seo.

Teocht - 1900 go 2004

Tuarascáil Measúnúcháin den Phainéal Idir-Rialtasach um Athrú Aeráide[athraigh | edit source]

Le 6 bliana anuas, bhí breis agus 2,000 eolaí ó breis agus 130 tír timpeall an domhain ag scríobh na meastóireachta is déanaí agus is cinnte fós maidir le hathrú aeráide. Is í seo an Cheathrú Tuarascáil Measúnúcháin den Phainéal Idir-Rialtasach um Athrú Aeráide [IPCC] ó bhunaigh na Náisiúin Aontaithe agus an Eagraíocht Mheiteareolaíoch Dhomhanda é i 1988.

Tá sé soiléir ón tuarascáil seo a foilsíodh i bPáras ar an 4ú Feabhra 2007 nach bhfuil aon amhras anois ann ach go bhfuil athrú aeráide ag tarlú agus gurb é ardú an mhéid CO2 agus gáis eile san atmaisféar le 250 blian anuas is ciontaí.

Tá leibhéil an CO2 san asmaisféar chomh maith leis na harduithe sna meánteochtaí domhanda níos airde anois ná am ar bith le 650,000 blian. Ó 1850, tharla 11 de na 12 lá ba theo ó 1995. Tá an IPCC ag tuar go n-ardofar teochtaí domhanda 3 °C eile faoi 2100. Creideann go leor eolaithe nach bhfuil againn ach 10 mbliana le polasaithe a chuir i bhfeidhm le hathrú aeráide tubaisteach a sheachaint.

Bheadh torthaí ollmhóra i gceist le hardú teochta 4 °C i dtíortha atá ag forbairt: gorta, fairsingiú fásaigh, imeacht na gcéadta speiceas, méadú ar ghalair cosúil le maláire agus tuilte ar thalamh íseal, ag cruthú na céadtha milliún teifeach timpeallachta.

In Éirinn, sa ghearrthéarma ciallaíonn sé seo go mbeidh níos mó drochaimsire ann; go mbeidh sé níos fliche i rith an gheimhridh agus níos teo i rith an tsamhraidh. Ciallaíonn sé seo go mbeidh ganntanas uisce in oirthear na tíre agus tuilte san iarthar.

Má tá muid ag iarraidh arduithe leibhéal farraige tubaisteacha a sheachaint, caithfear leá na n-oighearshruth móra sa Ghraonlainn agus san Antartaice a laghdú. Má leánn ceann amháin nó an dá oighearshruth seo, ardóidh leibhéil na farraige agus beidh an chuid is mó de mhórchathracha an domhain chomh maith le tíortha ar thalamh íseal, go leor acu le daonraí arda cosúil leis An Bhangladéis, faoi uisce.

Tuarascáil an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (na hÉireann) 2007[athraigh | edit source]

D'fhoilsigh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) tuarascáil maidir le hathrú aeraide in Éirinn i mí Márta 2007.

Tuarann an tuarascáil na hathruithe diúltacha seo a leanas má ardaíonn an teocht domhanda suas le 2° Celsius:

  • tuilte farraige agus abhann níos coitianta agus níos mó;
  • ganntanais uisce i rith an tsamhraidh san oirthear, gá níos mó le uisciúcháin do bharra;
  • droch-impleachtaí ar chaighdeán an uisce;
  • athruithe i ndáileadh speicis, agus roinnt speicis a theastíonn aeraid níos fuaire uathu i gcontúirt dul in éag, mar shampla, An Ruabhreac Artach;
  • éifeachtaí ar iascach, atá goilliúnach do athruithe beaga i dteocht an uisce, mar shampla, An Trosc;
  • tinte fiáine agus inmhíolú lotnaidí níos coitianta.

Tá sé geallta go mbeidh ceantair chathrach i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i nGaillimh faoi uisce faoi lár an chéid seo. Dar leis an tuarascáil, tá baisteach níos troime geallta ó thus an fhómhair go deireadh an gheimhridh in iarthair na tíre. Leis sin, tá sé tuartha ag an EPA go mbeidh impleachtaí tromchúiseacha eile in ndán do iarthair na hÉireann má ardíonn teochta suas go 2° Celsius: deireadh le hiascaireacht agus feirmeoireacht bhradáin (de bharr ardú theocht na farraige), sciorrthaí portaigh/talún níos coitianta (mar go dtiocfaidh scoilteanna doimhne sna portaigh/sa talamh i rith an tsamhraidh agus líonfaidh na scoilteanna le baisteach i rith an gheimhridh), d'fhéadfadh tionscal na feamainne a bheidh i mbaol (de bharr ardú theocht na farraige). Tá stoirmeacha níos laidre tuartha chomh maith.

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]