Tuusula

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilTuusula

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 60°24′10″N 25°01′45″E / 60.4028°N 25.0292°E / 60.4028; 25.0292
Stát ceannasachan Fhionlainn
Region of Finland (en) AistrighAn Nualainn Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán38,646 (2017) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús171.42 hab./km²
Teanga oifigiúilan Fhionlainnis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Located in statistical territorial entity (en) AistrighHelsinki sub-region (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla225.45 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde63 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú1643
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtachTuusula municipal council (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist04300, 04301, 04310, 04320, 04321, 04340, 04360 agus 04380 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Suíomh gréasáintuusula.fi Cuir in eagar ar Wikidata

Ceantar (Fionlainnis: kunta) ar aon leibhéal le cathair é Tuusula (Sualainnis: Tusby) agus é suite sách cóngarach do Heilsincí (An Fhionlainn), cé nach bhfuil sé ag críochantacht leis an bpríomhchathair.

Is iad na cathracha is na ceantair a bhfuil teorainneacha ag Tuusula leo ná Järvenpää, Vantaa, Nurmijärvi, Hyvinkää, Mäntsälä, Sipoo, agus Kerava. Tá Tuusula suite timpeall an locha úd Tuusulanjärvi. Tá trí shráidbhaile nó áitreabh i dTuusula, mar atá, Hyrylä (Sualainnis: Skavaböle, 20,000 duine), Kellokoski (Sualainnis: Mariefors, 4,300 duine), agus Jokela (5,300 duine). Bhí an áit dátheangach go dtí an bhliain 1943, ach anois, níl ach an Fhionlainnis oifigiúil sa cheantar. Mar sin féin, maireann pobal beag Sualainnise i ndeisceart an cheantair.

Ba luath a thosaigh Tuusula ag dul chun tionsclaíochta, agus inniu féin, níl an dífhostaíocht go dona san áit. Sa bhliain 1915, bunaíodh ospidéal siciatrach i gKellokoski.

Tá iomrá ar Tuusula mar áit mhór chultúrtha freisin. Sa bhliain 1872, fuair scríbhneoir náisiúnta na Fionlainne, Aleksis Kivi, bás i mbothán beag i dTuusula. Timpeall ar chasadh an chéid, shocraigh a lán ealaíontóirí síos in aice leis an loch, cois bhóthar na trá. Ina measc, bhí an scríbhneoir Juhani Aho, a bhí pósta ar an bpéintéir Venny Soldan-Brofeldt; an ceolchumadóir cáiliúil Jean Sibelius, an file J. H. Erkko agus a lán eile.

Sna 1990idí, bhí clú agus cáil ar an dráma úd Skavabölen pojat ("Na Buachaillí ó Skavaböle"), a thug cur síos ar shaol beirt bhuachaillí óga i Hyrylä sna seachtóidí agus sna hochtóidí. Cé gur dráma Fionlainnise a bhí ann, bhí ainm Sualainnise ar an áit sa dráma, toisc go dtagadh na stócaigh ar cuairt chuig a seanmháthair i Hyrylä, bean a raibh Sualainnis ó dhúchas aici. Ba é an drámadóir Antti Raivio a scríobh an dráma agus a stiúraigh an chéad léiriú de. Tá leagan scannánaithe le dul ar an scáileán sa bhliain 2009.

I Mí na Samhna 2007, mharaigh fear óg darbh ainm Pekka-Eric Auvinen ochtar daoine agus é féin le piostal i scoil i Jokela.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]