Trenton, New Jersey
| Trenton | |
An Caipeatól Stáit, Trenton, New Jersey |
|
|---|---|
| Rialtas | |
| Tír: | |
| Stát: | New Jersey |
| Méara: | Tony F. Mack (D) |
| Déimeagrafaic | |
| Achar: | 21.1 km² (8.1 míle²) |
| Daonra: | 82,883 |
| Dlús daonra: | 4,304.7/km² |
| www.trentonnj.org | |
Príomhchathair stát New Jersey i Stáit Aontaithe Mheiriceá é Trenton. Is é Trenton Príomhbhaile Chontae Mercer sa stát úd freisin. Tá an chathair suite in iarthar láir New Jersey ar bhruach thoir na habhann Delaware, go díreach trasna ó stát Pennsylvania. De réir meastachán ó Bhiúró Dhaonáirimh na Stát Aontaithe sa bhliain 2008, bhí 82,883 duine ina gconaí i dTrenton.
[athraigh] Stair
Lonnaigh baill de Chumann na gCarad sa cheantar sa bhliain 1679, agus faoin bhliain 1719 bhí an t-ainm "Trent-Towne" in úsáid (i ndiaidh William Trent, uinéir mór le rá sa bhaile ag an am.) Giorraíodh an t-ainm go "Trenton" ní ba dhéanaí. Dála a lán cathracha agus bailte móra i Meiriceá, d'fhás Trenton ag ceann an chuid inseolta d'abhainn (mar atá, an Delaware). Ní raibh na báid ábalta dul ní b'fhaide isteach sa tír, agus nuair a tháinig Réabhlóid na Tionsclaíochta ar an saol thig le daoine féidhm a bhaint as easa agus éascaí le fuinneamh a ghiniúint.
Ba i dTrenton a raibh a chéad bhua ag George Washington i gCogadh Réabhlóideach Mheiriceá, sa bhliain 1776. Tharla sin ar an 26ú lá de Mhí na Nollag, nuair a chuaigh Washington agus a chuid saighdiúirí trasna an Delaware oighreogach agus d’ionsaigh siad an garastún Heiseánach ar an bhaile. Cath Trenton a thugtar air. Rinneadh príomhchathair an stáit de Trenton sa bhliain 1790.
Cuireadh tús ceart leis an tionsclaíocht sa chathair insna 1830idí tar éis thógáil na Canála Delaware & Raritan agus na n-iarnród Pennsylvania agus Philadelphia & Reading. Bhunaigh Walter Scott Lenox ceardlann i dTrenton le poirceallán fíneálta a dhéanamh, ceann amháin as 40 gnólacht a bhí ag déanamh potaireachta agus earraí cré bruite sa chathair sa bhliain 1905. Dhéantaí sreang, rópa, cáblaí, earraí rubair agus eile ann freisin.[1]
[athraigh] Rialtas
Tá príomhoifigí agus cúirteanna stáit New Jersey agus chontae Mercer suite i dTrenton. Cé gurb é Trenton príomhchathair New Jersey, tá teach cónaithe oifigiúil an ghobharnóra, Drumthwacket, suite i mbaile Princeton. (Dála roinnt gobharnóirí eile sa stát, roghnaigh Chris Christie, an gobharnóir i láthair na huaire, gan bheith ina chónaí ann.)
[athraigh] Tagairtí
- ↑ Encyclopædia Britannica, 11ú eagrán (1910), “Trenton”.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.