Chris Christie

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaChris Christie

(2011) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Christopher James Christie
6 Meán Fómhair 1962
61 bliana d'aois
Newark, New Jersey, New Jersey Cuir in eagar ar Wikidata
55 Gobharnóir New Jersey
19 Eanáir 2010 – 16 Eanáir 2018
← Jon CorzinePhil Murphy →
United States Attorney for the District of New Jersey (en) Aistrigh
17 Eanáir 2002 – 1 Nollaig 2008 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Delaware
Ollscoil Seton Hall
Seton Hall University School of Law (en) Aistrigh
Ardscoil Livingston Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilBaitsiléir Ealaíon
dochtúireacht sa dlí-eolaíocht
Áit chónaitheMendham Township (en) Aistrigh
Teanga dhúchaisBéarla
LámhcheannasDeasógacht
Gníomhaíocht
Réimse oibrePolaitíocht
Suíomh oibre Trenton, New Jersey Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmdlíodóir, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Poblachtach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Ghlac sé/sí páirt i
Ice Bucket Challenge (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileMary Pat Christie (1986–) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairBill Christie
Croineolaíocht
Chris Christie presidential campaign, 2016 (en) Aistrigh
Governorship of Chris Christie (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

Suíomh gréasáinchrischristie.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm2665166 Rottentomatoes: celebrity/chris_christie
Facebook: govchristie Twitter: chrischristie Instagram: chrischristie Youtube: UC9HPE8pwH55pQJGIF8p2vEA Cuir in eagar ar Wikidata

Gobharnóir New Jersey sna Stáit Aontaithe ab ea Christopher James “Chris” Christie (a rugadh ar 6 Meán Fómhair 1962 i Newark, New Jersey). Ba é an 55ú gobharnóir é i stair an stáit úd. Toghadh é i Samhain na bliana 2009. Is ball den Pháirtí Poblachtach é. Tháinig sé i gcomharbas ar Jon Corzine, an 54ú gobharnóir agus ball den Pháirtí Daonlathach. Sular toghadh mar ghobharnóir é, d’oibrigh Christie mar Aturnae na Stát Aontaithe do Dhúiche New Jersey. Ar 16 Eanáir tháinig Doug Phillips den Pháirtí Daonalathach i gcomharbacht air mar ghobharnóir.

Is de shliocht measctha Éireannach Sicileach é Christie. Tógadh i Livingston, fo-bhaile compordach siar ó Newark é. Bhain sé céimeanna amach ó Ardscoil Livingston, Ollscoil Delaware (Baitsiléir Ealaíne san eolaíocht pholaitiúil, 1984) agus Scoil Dlí Ollscoil Seton Hall (Juris Doctor, 1987). Glaodh chun Barra New Jersey é sa bhliain 1987 agus chun Barra Chúirt Dhúiche na Stát Aontaithe sa bhliain chéanna.

Sa bhliain 1986, phós Christie Mary Pat Foster, a casadh air nuair a bhí siad ina mic léinn ag Ollscoil Delaware. Chuaigh sí seo leis an infheistíocht bhaincéireachta agus í ag obair don ghnólacht Wall Street úd Cantor Fitzgerald. D’éirigh sí as an bpost sin i ndiaidh ionsaithe 9/11 (chaill Cantor Fitzgerald níos mó dá chuid fostaithe sna hionsaithe úd ná aon chomhlacht eile.) Tá ceathrar páistí acu. I Mendham Township, New Jersey atá siad ina gcónaí, in áit Drumthwacket, teach oifigiúil an ghobharnóra i bPrinceton.

Tá tuairimí coimeádacha ag Chris Christie, agus lena chois sin modh oibre diongbháilte agus bealach cainte atá borb dar lena lán. Lochtaíonn sé an ionsaitheacht sa pholaitíocht, áfach. Tá Christie ag tarraingt éisteacht nach beag chuige féin ó cheann ceann na tíre le tamall anuas agus bhí iomrá leis mar iarrthóir Poblachtach d'uachtaránacht na tíre. Ar 11 Deireadh Fómhair 2011, thug Christie tacaíocht do Mitt Romney sa rás don uachtaránacht.[1] Bhí sé gníomhach i bhfeachtas Donald Trump sa bhliain 2016 agus é seo ar lorg uachtaránacht na tíre.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. http://www.foxnews.com/politics/2011/10/11/christie-to-endorse-romney-for-president/ "Christie Endorses Romney Ahead of GOP Debate", Fox News

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]