Tolúéin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachTolúéin
Substaint cheimiceachaicme eintiteas ceimiceach
Mais mhóilíneach92.063 Da
Fionnachtaí nó aireagóirPierre Joseph Pelletier
Tacsón ina n-aimsítear é
Róldevelopmental toxicant (en) Aistrigh
Struchtúr ceimiceach
Foirmle cheimiceachC₇H₈
SMILES canónta
Model 2D
CC1=CC=CC=C1
InChIModel 3D
Airí
Dlús0.87 g/cm³ (a 20 °C) Cuir in eagar ar Wikidata
Tuaslagthacht0.07 g/100 g (uisce, 23 °C) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe leáite−95 °C
−93 °C Cuir in eagar ar Wikidata
Fiuchphointe111 °C (a 760 Torr) Cuir in eagar ar Wikidata
Eantalpacht chaighdeánach an fhoirmithe50,170 J/mol agus 12,180 J/mol
Combustion enthalpy (en) Aistrigh−3,910 kJ/mol
Galbhrú21 mmHg (a 20 °C) Cuir in eagar ar Wikidata
Guais
Teorainn inlasta íochtair1.1 vol%
Teorainn inlasta uachtarach7.1 vol%
Meánteorainn nochta ualaithe ama375 mg/m³ (10 h, luach ar iarraidh)
754 mg/m³ (8 h, Stáit Aontaithe Mheiriceá) Cuir in eagar ar Wikidata
Short-term exposure limit (en) Aistrigh560 mg/m³ (luach ar iarraidh) Cuir in eagar ar Wikidata
Uasteorainn nochta1,885 mg/m³ (Stáit Aontaithe Mheiriceá)
1,131 mg/m³ (Stáit Aontaithe Mheiriceá) Cuir in eagar ar Wikidata
Splancphointe40 °F Cuir in eagar ar Wikidata
Láithreach contúirteach don bheatha nó sláinte1,885 mg/m³
NFPA 704: Standard System for the Identification of the Hazards of Materials for Emergency Response ()
Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 (GHS07: comhartha uaillbhreasa, GHS08: guais sláinte, GHS02: flame (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
leacht inlasta Aicme IB

Is comhdhúil aramatach malartaithe é tolúéin, ar a dtugtar meitilbeinséin freisin i gcóras AIGCF.

Is leacht gan dath, dothuaslagtha in uisce é agus an boladh a bhaineann le caolaitheoirí péinte. Is díorthach beinséine monamhalartaithe é, comhdhéanta de ghrúpa meitile (CH3) atá ceangailte le grúpa feinile. Mar sin, is é meitilbeinséin a ainm córasach AIGCF.

Úsáidtear tolúéin go príomha mar bhunábhar tionsclaíoch agus mar thuaslagóir. Mar an tuaslagóir i roinnt caolaitheoirí péinte, marcóirí buan, stroighne teagmhála agus cineálacha áirithe gliúnna, úsáidtear tolúéin uaireanta mar ionanálach áineasa agus tá an poitéinseal aige dochar néareolaíoch tromchúiseach a dhéanamh.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'aonraigh an gceimiceoir Polannach Filip Walter an chomhdhúil den chéad uair sa bhliain 1837, trí ola péine a dhriogadh agus ghlaoigh sé rétinnaphte [1] air. Sa bhliain 1841, d'aonraigh an poitigéir Francach Henri Étienne Sainte-Claire Deville hidreacarbón ó Bhalsam de Tolú nó Balsamum tolutanum (eastóscán aramatachh as an gcrann trópaiceach Colóime Myroxylon balsamum), a d'aithin Deville a bheith cosúil le rétinnaphte Walter agus le beinséin; mar sin ghlaoigh sé an benzoène ar an hidreacarbóin nua.[2] Sa bhliain 1843, mhol Jöns Jacob Berzelius an t-ainm toluin.[3] Sa bhliain 1850, d'aonraigh an poitigéir Francach Auguste Cahours ó dhriogáit adhmaid hidreacarbón a d'aithin sé a bheith cosúil le benzoène Deville agus a d'ainmnigh Cahours toluène.[4]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Féach
  2. Féach:
  3. Jacob Berzelius (1843) Jahres Berichte, 22 : 353-354. Curtha i gcartlann 2022-09-13 ar an Wayback Machine.
  4. Féach: