Tliongáinis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaTliongáinis
tlhIngan Hol agus  

CruthaitheoirMarc Okrand
Cineálteanga fhicseanúil, teanga chumtha agus teanga a priori
Úsáid
Cainteoirí dúchais9,000 (2016)
Tréithe
Córas scríbhneoireachtapIqaD (en) Aistrigh agus Okrand notation (en) Aistrigh
Institiúid caighdeánaitheInstitiúid na Tliongáinise agus Marc Okrand
Cóid
ISO 639-2tlh
ISO 639-3tlh
Glottologklin1234
IETFtlh

Teanga shaorga í an Tliongáinis (Tliongáinis: tlhIngan Hol) a ceapadh an chéad uair le haghaidh na dTliongánach ar an scannán Star Trek: The Motion Picture. Sibhialtacht shamhlaithe is ea na Tliongánaigh a bhfuil an-tábhacht acu sna sraitheanna teilifíse agus sna scannáin a bhaineann le coincheap an Star Trek. D'fheictí na Tliongánaigh go minic ar an gcéad sraith féin, ach níor forbraíodh an teanga dóibh roimh an gcéad phríomhscannán.

Aibítir na Tliongáinise

Ba é James Doohan, a rinne páirt Montgomery "Scotty" Scott ar an gcéad sraith, a chum an chéad chúpla focal, ach ba é an teangeolaí Marc Okrand a d'iompaigh ina teanga iomlán í a bhfuil idir stór cuimsitheach focal agus chóras ceart gramadaí aici. Bhí staidéar déanta ag Okrand ar theangacha bundúchasacha Mheiriceá, agus tá a lán saintréithe ag an teanga nach mbeadh i bhfad as cosán i measc theangacha dúchasacha Chalifornia. Mar sin féin, dúirt Okrand féin riamh nach raibh sé ag iarraidh aithris a dhéanamh ar ghramadach na dteangacha seo - bhí sé ní ba thábhachtaí an teanga a dhéanamh chomh difriúil leis an mBéarla agus ab fhéidir. Mar shampla, is é gnáthordú na rann cainte sa Tliongáinis ná OVS - is é an cuspóir a thagann roimh aon rud eile, agus an briathar ag leanúint sna sálaí aige, agus an t-ainmní fágtha ina ndiaidh. (Sa Bhéarla, is é an gnáthordú ná SVO, is é sin, ainmní - briathar - cuspóir; agus sa Ghaeilge, VSO, nó briathar - ainmní - cuspóir.)

Tá gramadach na Tliongáinise bunaithe ar an táthú, nó fiú ar an iltáthú, - is é sin, is féidir nach bhfuil ach aon fhocal fada amháin de dhíth le abairt iomlán Béarla (nó Gaeilge) a aistriú. Tá go leor eisceachtaí agus mírialtachtaí i ngramadach na Tliongáinise, ós rud é gur fhéach Okrand chuige go mbeadh mothú na teanga nádúrtha inti.

Is é an fuaimniú an chuid is lú a chuirfidh coimhthíos ar an bhfoghlaimeoir. Bhain Okrand úsáid as consain scornánaithe lena chinntiú go bhfaigheadh na Béarlóirí an teanga neamhghnách, ach le fírinne, tá an chuid is mó de na consain speisialta sin le fáil i dteangacha a labhraítear san Eoraip. Ón taobh eile de, ní teanga thonúil í an Tliongáinis, agus níl ach cúig ghuta ann.

Tá foras forbartha teanga, an "Klingon Language institute" ag obair i Philadelphia chun an teanga a chur chun cinn. Is cathair thábhachtach í Saarbrücken do chruinnithe idirnáisiúnta na gcainteoirí agus na bhfoghlaimeoirí.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]