Tliongánaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarTliongánaigh

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálfictional humanoid species (en) Aistrigh
fictional ethnic group (en) Aistrigh
Star Trek species (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthaithe agGene L. Coon Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
I saotharVectors, Old Wounds (en) Aistrigh, The Dominion: Olympus Descending, Dreadnought!, Last Full Measure, Lesser Evil, Abyss, The Soul Key, The Root of All Rage (en) Aistrigh, The Ashes Of Eden, The Romulan Way, Rogue, This Gray Spirit, A Singular Destiny (en) Aistrigh, Fearful Symmetry, Ferenginar: Satisfaction is Not Guaranteed (en) Aistrigh, The Farther Shore (en) Aistrigh, Fire with Fire (en) Aistrigh, A Very Klingon Khristmas, Homecoming (en) Aistrigh, Before Dishonor, Infection, Into the Void, Cathedral, Kobayashi Maru, Warpath, Greater than the Sum, Avatar, Book Two (en) Aistrigh, Full Circle (en) Aistrigh, Q&A, Red Sector, Sword of Damocles (en) Aistrigh, Spock Must Die!, In Tempest's Wake, Over a Torrent Sea (en) Aistrigh, Star Trek Into Darkness (en) Aistrigh, Synthesis (en) Aistrigh, The Autobiography of James T. Kirk, Death in Winter, Beneath the Raptor's Wing Ⅰ, Unworthy (en) Aistrigh, Twilight, The Way of the Warrior (en) Aistrigh, Affliction (en) Aistrigh, All Good Things… (en) Aistrigh, Sacrifice of Angels (en) Aistrigh, Day of Honor (en) Aistrigh, Flashback (en) Aistrigh, United (en) Aistrigh, Terminal Expanse (en) Aistrigh, The Trouble with Edward (en) Aistrigh, Context Is for Kings (en) Aistrigh, The Autobiography of Jean-Luc Picard (en) Aistrigh, Broken Bow, Part I (en) Aistrigh, Assimilation², Issue 2 (en) Aistrigh, Assimilation², Issue 3 (en) Aistrigh, Assimilation², Issue 4 (en) Aistrigh, Star Trek: Deep Space Nine Technical Manual, Star Trek: New Worlds (en) Aistrigh, Star Trek: Starfleet Command (en) Aistrigh, Star Trek Trexels (en) Aistrigh, Star Trek Fleet Command (en) Aistrigh, Federation – The First 150 Years (en) Aistrigh, Envoys (en) Aistrigh, Temporal Edict (en) Aistrigh, Terra Firma, Part II (en) Aistrigh, Live by the Code (en) Aistrigh, First First Contact (en) Aistrigh, The Captain's Oath (en) Aistrigh, Room for Growth (en) Aistrigh, Reflections (en) Aistrigh, An Imbalance of Power (en) Aistrigh, Crossroads (en) Aistrigh, The Dying of the Light (en) Aistrigh, Ceremony of Innocence (en) Aistrigh, Cry Havoc (en) Aistrigh, Star Trek: The Original Series Core Game Book (en) Aistrigh, The Klingon Dictionary agus Those Old Scientists (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CruinneStar Trek universe (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Cumaisneart fordhaonna Cuir in eagar ar Wikidata

Is iad na Tliongánaigh (Béarla: Klingons, Tliongáinis: tlhIngan) an cine coimhthíoch is tábhachtaí in ollchruinne shamhailteach an Star Trek. Sa chéad sraith (Star Trek: The Original Series), bhí siad ag cur cogaidh ar Chónaidhm Aontaithe na bPláinéad, ach ina dhiaidh sin, d'éirigh siad cairdiúil leis an gCónaidhm de réir a chéile.

B'é an scriptscríbhneoir Gene Coon a chéadcheap na Tliongánaigh, agus tháinig siad ar an scáileán an chéad uair san eipeasóid Errand of Mercy den chéad sraith de Star Trek. hAinmníodh iad as an Leifteanant Wilbur Clingan, a bhí sna póilíní i Los Angeles in éineacht le Gene Roddenberry.

Daoine de lucht adhartha an Star Trek i mbréagriocht na dTliongánach

Bitheolaíocht na dTliongánach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cosúlacht agus Colainn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cuma dhaonchosúil ar na Tliongánaigh, ach san am céanna, bíonn siad níos gairbhe ina ndéanamh ná na daoine. Bíonn folt mór dubh gruaige orthu, agus féasóg dhruidte ar na fir. Thar aon rud eile, is ar iomairí an chlár éadain a aithnítear iad. Tá siad níos mó ná na daoine, agus iad in ann bisiú i ndiaidh gortú tromchúiseach a fhulaingt sa troid, ós rud é go bhfuil níos mó ná ceann amháin acu de na horgáin inmheánacha tábhachtacha.

Athrú Cosúlachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a tháinig na Tliongánaigh ar stáitse an Star Trek an chéad uair, níor thug Gene Coon de chur síos orthu ina chuid nótaí do lucht gléasta an stáitse ach gur chóir dóibh bheith ag breathnú cosúil le daoine ó Oirthear na hÁise, ar nós Ho Chi Minh. Ní bhfuair na Tliongánaigh an chuma atá orthu inniu roimh léiriú an chéad scannán, nó níor cheadaigh buiséad íseal na sraithe teilifíse aisling bhunaidh Roddenberry a chur i gcrích.

Cultúr[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a léiríodh an chéad phríomhscannán a bhí suite in ollchruinne an Star Trek, rinneadh forbairt chuimsitheach ar na Tliongánaigh ó thaobh an chultúir de freisin, agus hardaíodh a bpróifíl mar shibhialtacht ar leith go mór mór. Le haghaidh an scannáin a céadcheapadh teanga na dTliongánach freisin, is é sin, an Tliongáinis nó tlhIngan Hol, mar a deirtear sa teanga féin. B'é James Doohan, an t-aisteoir a bhí ag déanamh pháirt an innealtóra Scotty, a chum an chéad chúpla focal le haghaidh an scannáin seo, ach ina dhiaidh sin, d'iompaigh an teangeolaí Marc Okrand an Tliongáinis ina teanga inlabhartha agus infhoghlamtha.

Sa chéad sraith theilifíse, ba tagairt don Aontas Sóivéadach iad na Tliongánaigh, agus mar sin, ní raibh mórán cultúir dá gcuid féin acu, diomaite den impiriúlachas agus den fhonn gabháltais. An cultúr a sceitseáladh dóibh ina dhiaidh sin, tá sé bunaithe ar an onóir i machaire an áir, agus an chuma air gur aithris é ar na samúraithe sa tSeapáin, mar a shamhlaítear go coitianta san Iarthar iad, agus ar na hUigingigh Lochlannacha.

Nósanna Reiligiúnacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní thugann na Tliongánaigh adhradh d'aon chineál déithe - le fírinne deir a gcuid miotas gur mharaigh siad a gcuid déithe anallód. Scéal eile é go bhfuil cineál Meisias acu, Kahless Dodhearmadta nó qeylIS'e' lIjlaHbe'bogh vay', mar a deir an Tliongáinis. Deirtear gurbh é Kahless a d'aontaigh na Tliongánaigh faoi aon bhratach amháin nuair a mharaigh sé an tíoránach Molor. Luaitear a lán eachtraí eile le Kahless chomh maith.

Creideann na Tliongánaigh i Neamh - Sto'vo'kor - agus in Ifreann - Gre'Thor. Braitheann sé ar onóir an Tliongánaigh mar fharaire, cé acu atá sé le dul go Sto'vo'korGre'Thor i ndiaidh a bháis, ach is féidir le muintir an fharaire mhairbh onóir iarbháis a ngaoil a thabhairt ar ais dó, ionas go n-osclófar geataí Sto'vo'kor ina araicis arís.

Nuair atá Tliongánach ag fáil bháis, tá a chuid cairde ag coinneáil a shúl oscailte agus ag búirfigh leo mar rabhadh do mhuintir na ríochta iarbháis go bhfuil faraire Tliongánach chucu. Maidir leis an gcorp marbh, ní bhaineann deasghnátha d'aon chineál leis: níl ann ach blaosc fholamh, dar leis na Tliongánaigh, agus gheobhaidh siad réidh de mar a bheadh truflais ann.