Star Trek

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is coincheap ficsin eolaíochta é Star Trek (baineann Gaeilgeoirí úsáid as an leagan An Réaltaistear fosta) agus é deartha ag Gene Roddenberry. Ar dtús, ní raibh ann ach sraithscéal i stíl an cheoldráma spáis, ach tharraing an chéad sraith an oiread sin airde i measc chairde an fhicsin eolaíochta is gur tháinig sraith bheoite, roinnt scannán agus sraithscéalta nua sna sálaí aici. Inniu, is cuid den phopchultúr idirnáisiúnta é an Réaltaistear, agus na daoine ag déanamh tagartha dó ar fud an domhain.

Coincheap an Réaltaistir[athraigh | edit source]

Tá stáitse agus suíomh an Réaltaistir bunaithe ar choincheap dóchasach na todhchaí ina bhfuil an cine daonna tar éis an lámh in uachtar a fháil ar na fadhbanna atá dár gcrá faoi láthair, idir chiníochas, bhochtanas, thruailliú, éadulaingt, agus phiseoga, agus caidreamh againn le neachanna intleachtúla eile ár réaltra. Is iad muintir Chónaidhm Aontaithe na bPláinéad (Béarla: United Federation of Planets) atá i gcroílár na n-imeachtaí, agus iad ag déanamh taighde ar an spás, ag fáil aithne ar chineálacha nua agus ag iarraidh síocháin agus comhthuiscint a chothú idir na cineálacha éagsúla. Cuireadh an misiún seo i bhfocail i dtús gach eipeasóide de chuid an chéad sraith mar seo:

“Is é an Spás iargúltacht na n-iargúltachtaí. Seo iad na turasanna a rinne an réaltlong úd Enterprise. Is é an misiún cúig bliana a chuir sí roimpi ná aithne a fháil ar dhomhain nua aisteacha, beatha nua agus sibhialtachtaí nua a aimsiú agus aghaidh a thabhairt go cróga ar an áit nár tháinig aon duine roimpi.”

Tá diminsiúin pholaitiúla ag dul leis an chéad sraith den Réaltaistear ar féidir cosúlachtaí a aithint orthu le fadhbanna comhaimseartha na Stát Aontaithe agus an domhain mhóir ar fad. Ó thaobh amháin de, rinneadh plé meafarach ar go leor acu sna sraithscéalta féin, ón taobh eile de, thug an tsraith le tuiscint go mbeadh na fadhbanna sin infhuascailte i ndiaidh an iomláin. Míníonn an dearcadh dóchasach seo cuid mhór den ghrá a thug na féachadóirí don Réaltaistear ón tús.

An Sraithscéal Teilifíse[athraigh | edit source]

Tháinig an chéad sraithscéal teilifíse ar an bhfód sa bhliain 1966, siúd is gur admhaigh Gene Roddenberry ina dhiaidh sin go raibh an coincheap sna fonsaí tógála le sé bliana anuas ar a laghad.

Star Trek: The Original Series[athraigh | edit source]

An USS Enterprise (NCC 1701).

Chuaigh an chéad eipeasóid den chéad sraith ar an aer ar an NBC ar an ochtú lá de Mhí Mheán Fómhair sa bhliain 1966, ach má chuaigh, bhí an eipeasóid chéanna feicthe ar an teilifís i gCeanada cupla lá roimhe sin cheana féin. B'é Gene Roddenberry a chum an coincheap, agus b'iad William Shatner (an Captaen James Tiberius Kirk), Leonard Nimoy (Spock) agus DeForest Kelley (an Dochtúir Leonard "Bones" McCoy) a rinne na príomhpháirteanna. Thairis sin, bhí róil thábhachtacha ag James Doohan (Montgomery "Scotty" Scott, fear na n-inneall), George Takei (Hikaru Sulu, fear an halmadóra), Nichelle Nichols (an Leifteanant Uhura), Majel Barrett (an banaltra Christine Chapel), agus Walter Koenig (an Loingseoir Pavel Chekov). Bhí an chéad sraith seo bunaithe ar eachtraí an Enterprise, na réaltloinge a bhí ag taisteal agus ag taighde an réaltra.

An chéad eipeasóid a tháinig ar an teilifís, The Man Trap, bhí sí ar an gcúigiú ceann a hullmhaíodh. Roimhe sin, léirigh Roddenberry tuleipeasóid a bhí an-difriúil, go háirithe ó thaobh roghnú na n-aisteoirí de — The Cage. Mar shampla, bhí ról an chaptaein á dhéanamh ag Jeffrey Hunter, agus ní raibh Spock (Nimoy) chomh saor ó mhothúcháin is mar a bhí sé ar an tsraith mar a léiríodh sa deireadh í. Bhí an NBC míshásta leis an túsiarracht seo, nó fuair siad go raibh an scéal ró-intleachtúil. Mar sin féin, níor chaith siad an coincheap i dtraipisí, ach choimisiúnaigh siad túseipeasóid eile, Where No Man Has Gone Before. Aisteach go leor, áfach, níorbh é seo an chéad eipeasóid a chuaigh ar an aer ar an NBC.

Taispeánadh an eipeasóid dheireanach, Turnabout Intruder, ar an tríú lá de Mhí an Mheithimh sa bhliain 1969 ar an NBC. Ina dhiaidh sin, dhíol an NBC an tsraith le cuid mhaith stáisiún eile, agus b'ansin, dháiríre, a thug na daoine taithneamh di.

Ní raibh de theideal ar an chéad sraithscéal ach Star Trek, ach nuair a léiríodh na sraitheanna leantacha go léir, d'éirigh sé coitianta "Star Trek: The Original Series" nó "ST:TOS" a thabhairt ar an mbun-sraithscéal len é a choinneáil scartha ó na cinn eile sa ghnáthchaint.

Star Trek: The Animated Series[athraigh | edit source]

An Enterprise mar a taispeánadh í san Animated Series.

Ní raibh de theideal ar an tsraith seo ach "Star Trek", ach an oiread, ach is gnách leis na móidíní inniu "Star Trek: The Animated Series" a thabhairt uirthi. Sraith bheoite a bhí ann nach ndearna na haisteoirí ach na guthanna uirthi. B'é an stiúideo úd Filmation Associates i Reseda, California, a léirigh na heipeasóidí, dhá cheann fichead acu ar fad, agus leathuair an chloig ama i ngach eipeasóid acu. B'iad aisteoirí an chéad sraithscéal a rinne a gcuid rólanna ar an tsraith bheoite chomh maith, amach ó Walter Koenig, nó níor cheadaigh an buiséad é a fhostú. Bhí cúrsaí an airgid ar an gcloch is mó agus is troime ar phaidrín na léiritheoirí an t-am ar fad, agus ní raibh beochan na bpictiúirí féin ach den dara scoth. Ón taobh eile de, ós rud é gur beochan a bhí ann, ní raibh costas breise ar bith ag baint leis an bhfeistiú stáitse. Buíochas le comhoibriú scríbhneoirí maithe, d'éirigh leis na léiritheoirí cupla eipeasóid fíor-nótáilte a dhéanamh.

Cé go bhfuair an tsraith bheoite formhuiniú ó Paramount Television ar dtús, ní dhearctar uirthi inniu mar chuid den chanóin ná den leanúnachas oifigiúil, ó tháinig Star Trek The Next Generation ar an bhfód. Ábhar conspóide é seo i measc na móidíní, nó tá cuid nach beag acu an-tugtha don tsraith bheoite. Ina dhiaidh sin féin, glacadh le giobóga áirithe ón tsraith bheoite mar chuid den chanóin oifigiúil, ar nós an ainm láir sin Tiberius ar James Kirk. Chualathas an chéad uair é ar an tsraith bheoite, ach ansin, baineadh úsáid as ar an scannán Star Trek VI: The Undiscovered Country. Chonacthas eilimintí agus idéanna de chuid na sraithe beoite ar an tsraith úd Star Trek: Enterprise fosta. Tríd is tríd, siúd is nach dtugtar aitheantas don tsraith bheoite mar chuid den leanúnachas oifigiúil, bítear ag tarraingt uirthi mar fhoinse ábhair agus mianaigh. Tháinig an tsraith bheoite féin ar ais ar an teilifís i lár na n-ochtóidí ar an Nickelodeon, agus taispeánadh ar an Sci-Fi Channel i dtús na nóchaidí í.

Star Trek: Phase II (sraithscéal nár léiríodh)[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1978, bhí an comhlacht teilifíse Paramount ag beartú cainéal nua teilifíse a chur ar bun agus an Réaltaistear a athbheochan mar shraithscéal bratloinge an chainéil. Scríobhadh scripteanna do dhá eipeasóid déag sular thosaigh léiriú na sraithe, agus bhí sé pleanáilte foireann iomlán na seanloinge a chur ar bhord an Enterprise nua le misiún cúig bliana eile a chur i gcrích. Ní raibh Leonard Nimoy sásta filleadh ar an Réaltaistear, agus b'éigean do na léiritheoirí Xon, Vulcánach eile, a chumadh mar shop in áit na scuaibe. Rinneadh pictiúirí tástála agus cuireadh feisteas stáitse i dtoll le chéile, ach ní dheachaigh an sraithscéal ar an aer, nó ní raibh Paramount Television sásta dul sa seans i ndiaidh an iomláin. I bhfianaise na suime a chuir na daoine sa scannán úd Star Wars faoin am seo, áfach, cinneadh ar scannán Réaltaistir a léiriú, is é sin, Star Trek: The Motion Picture. Bunaíodh script an scannáin seo ar an chéad eipeasóid sa tsraith phleanáilte.

Star Trek: The Next Generation[athraigh | edit source]

An USS Enterprise (NCC 1701-D).

Tá an sraithscéal seo suite céad bliain níos deireanaí ná an chéad cheann, agus foireann nua ar bhord an Enterprise nua. Chuaigh an chéad eipeasóid ar an aer ar an ochtú lá fichead de Mhí Mheán Fómhair den bhliain 1987. Le bheith beacht, ní raibh ann ach an chéad leath den chéad eipeasóid a bhí dhá uair an chloig ar fad. D'fhan an tsraith ag rith ar fud seacht séasúr, go dtí gur chuir an eipeasóid deiridh úd All Good Things... clabhsúr léi ar an naoú lá fichead de Mhí na Bealtaine sa bhliain 1994. Rinneadh an tsraith le haghaidh sindeacáitiú ón tús, agus an-ghal ag na féachadóirí uirthi ón tús. Is iomaí móidín agus fiú gnáthfhéachadóir a ghlacann leis an ST:TNG, mar a thugtar ar an tsraith i mbéarlagair na móidíní, gurb ionann í agus ré órga an Réaltaistir, nó tharraing an tsraith áirithe seo níos mó féachadóirí ná aon ionchollú eile de chuid an Réaltaistir ar an teilifís. Fuair Roddenberry bás nuair a bhí an tsraith seo ag imeacht. A fhad is a mhair sé, bhí tionchar gníomhach aige ar an dóigh a ndéanfaí í.

B'iad na haisteoirí sna príomhpháirteanna ná Patrick Stewart (an Captaen Jean-Luc Picard), Jonathan Frakes (an Ceannfort Will Riker), Brent Spiner (an Ceannfort Data, ríomhaire i gcló daonna), LeVar Burton (an Leifteanant Geordi La Forge, fear na n-inneall), Michael Dorn (an Leifteanant Worf), Gates McFadden (an Dochtúir Beverly Crusher), Marina Sirtis (an comhairleoir síceolaíoch Deanna Troi), Wil Wheaton (an Meirgire Wesley Crusher).

Star Trek: Deep Space Nine[athraigh | edit source]

An stáisiún spáis Deep Space Nine.

Bhí Roddenberry ag iompar na bhfód cheana nuair a cumadh coincheap na sraithe seo. Bhí ST:DS9 an-difriúil lenar tháinig roimpi, nó ní raibh an Enterprise ag taisteal an spáis a thuilleadh. Ina áit, cuireadh príomhlaoch na sraithe, Benjamin Sisko (Avery Brooks), ar bhord stáisiún spáis, Domhainspás a Naoi, le síocháin a chothú idir dhá shibhialtacht naimhdeacha, muintir an phláinéid úd Bajor agus na Cardaisiaigh. Bhí muintir Bhajor díreach tar éis iad féin a shaoradh ó bhráca na gCardaisiach, agus Sisko ina ionadaí agus ina idirghabhálaí idir an dá thaobh seo. Daoine, nó neacha daonchosúla, ó Bhajor ab ea iad bunús a chuid foirne, go háirithe an príomhlaoch eile, an Ceannfort Kira Nerys, iar-threallchogaí neirbhíseach a raibh na blianta fada caite aici ag cur catha ar na Cardaisiaigh. B'í Nana Visitor a rinne páirt Kira Nerys.

Bhí fealsúnacht na sraithe seo difriúil, ar bhealach, leis an dá shraithscéal a tháinig roimpi. In áit na síochána Útóipí, bhí an cogadh ina shíorbhagairt ar an stáisiún spáis, agus an sos cogaidh sobhriste idir Bajor agus na Cardaisiaigh ar tí titim as a chéile. Tháinig an reiligiún chun tosaigh mar théama sa tsraith seo chomh maith, ós rud é gur léiríodh muintir Bhajor mar dhream reiligiúnda, agus údarás nár bheag ag a gcuid cléireach, na Vedeks, ina sochaí. Ní raibh an Vedek coimeádach úd Winn Adami, a raibh a páirt á déanamh ag Louise Fletcher, sásta leis an ról a bhí ag Benjamin Sisko ar an stáisiún spáis, agus is iomaí eipeasóid sa tsraith a bhí bunaithe ar an teannas idir Vedek Winn agus Vedek Bareil Antos (Philip Anglim), fear séimh a raibh dearcadh níos forásaí aige. Bhí scéal grá aige freisin le Kira Nerys.

Pearsa gan a leithéid eile ab ea é Odo (René Auberjonois), áfach. Clómhalartán a bhí ann, is é sin, neach a bhí in ann dul i gcló na neachanna éagsúla ar fad. De ghnáth, áfach, ba rogha leis cuma leath daonna a choinneáil air féin, agus é ag breathnú mar shamhail de dhuine nach raibh ach cuntanós sceitseáilte air. Ó bhí sé neodrach i gcoimhlintí na neachanna daonchosúla, thit sé ar a chrann gnó an phóilín, an bhreithimh agus an idirghabhálaí a dhéanamh idir muintir Bhajor agus na Cardaisiaigh. I dtús an tsraithscéil, ní raibh aithne aige ar aon neach eile den chineál chéanna. Chaith sé a shaol i measc mhuintir Bhajor agus na gCardaisiach, ó b'iad a tháinig air an chéad uair sa spás, nuair nach raibh ciall ná tuiscint aige don tsaol go fóill. Eolaí Cardaisiach a thug suas é ansin. Ó nach raibh aon neach daonchosúil in ann é a mharú, bhí sé ábalta a neodracht a choinneáil nuair a bhí na Cardaisiaigh agus muintir Bhajor ag cur cogaidh ar a chéile.

Bhí caidreamh leath fuafar, leath cairdiúil ag Odo le tábhairneoir an stáisiúin, Quark (Armin Shimerman), neach daonchosúil de chine na bhFerengi, nach bhfuil suim acu ach i gcúrsaí gnó, sa bhrabús agus san éadáil.

Bhí ardtábhacht leis an bpoll péiste mar ghléas plotála. Geata go dtí an Gáma-Cheathramhán, cuid eile den réaltra, a bhí ann, ach san am céanna, bhí muintir Bhajor ag urramú an phoill mar "theampall neamhaí". Nuair a d'éirigh le Benjamin Sisko teacht i dteagmháil le neachanna beo de chineál nua sa pholl péiste, dhearc muintir Bhajor ar na neachanna seo mar "fháithe", agus ó bhí Sisko i ndiaidh cumarsáid a dhéanamh leis na fáithe, thug siad "teachtaire na bhfáithe" air. Ar dtús, fuair Sisko deacair é féin a chló leis an ról seo, ach de réir a chéile, thuig sé go bhféadfadh sé an urraim a thugadh na fíréin dó a úsáid le cuspóirí fónta a bhaint amach ar mhaithe le muintir Bhajor agus lena mhuintir féin.

De réir a chéile, d'iompaigh sé amach go raibh impireacht láidir - an Tiarnas nó Dominion as Béarla - taobh thiar den pholl péiste, agus í á rialú ag tiarnaí míthrócaireacha. D'éirigh ina chogadh idir an Tiarnas agus Cónaidhm Aontaithe na bPláinéad, agus ba mhinic a bhí Domhanspás a Naoi ina chnámh spairne sa chogadh seo. Thiontaigh sé amach, fosta, gur den chineál chéanna iad uachtaráin an Tiarnais agus Odo. Ó bhí fuath na ndaol ag na huachtaráin sin ar na neachanna daonchosúla, bhí siad den tuairim gur fealltóir ab ea é Odo, agus an caidreamh cairdiúil a bhí aige leis na neachanna seo.

Chuaigh an chéad eipeasóid ar an aer ar an tríú lá de Mhí Eanáir, 1993, agus tháinig clabhsúr leis an tsraith ar an dara lá de Mhí an Mheithimh, 1999.

Star Trek: Voyager[athraigh | edit source]

An USS Voyager (NCC 74656).

Spáslong ar strae ab ea í an Voyager, agus í ag iarraidh a bealach a dhéanamh abhaile arís. Mar sin, i ndiaidh an stáisiún spáis, tháinig an Réaltaistear ar ais ar bhord an spásárthaigh a bhí ag fáil aithne ar chiníocha is ar chineálacha nua. Bhí Kate Mulgrew ag déanamh ról an chaptaein Kathryn Janeway, arbh í an chéad bhean a bhí i gceannas ar spáslong iomlán riamh ar aon tsraith de chuid an Réaltaistir.

I dtús na sraithe, bhí an Voyager ag iarraidh spáslong de chuid na gluaiseachta Maquis a stopadh. Chonacthas Maquis an chéad uair ar an tsraith úd ST:DS9. Go bunúsach, gluaiseacht frithbheartaíochta a bhí ann a d'eascair sna pláinéid nua-choilínithe a bhí ina gcnámh spairne idir na Cardaisiaigh agus Cónaidhm Aontaithe na bPláinéad. Bhí an Chónaidhm dírithe ar na pláinéid seo a ghéilleadh do na Cardaisiaigh, ach ní raibh na coilínithe sásta leis an gcinneadh seo. Mar sin, bhunaigh siad an ghluaiseacht frithbheartaíochta seo le cath a chur ar na Cardaisiaigh.

Mar a d'iompaigh na cúrsaí amach, áfach, fuair foireann an dá spáslong iad féin ar strae sa Deilte-Cheathramhán, ar an taobh eile den réaltra. Bhí cuid mhór den dá chriú básaithe sa teagmháil, agus b'éigean do Janeway iarsmaí na dtreallchogaithe a fháiltiú isteach. Mar sin, tháinig an dá chriú le chéile ar bhord an Voyager, agus chrom siad ar a dturas abhaile in éineacht. Ba mhinic a fuair Janeway deacair an dá dhream a thabhairt in araicis a chéile ar dtús, ach de réir a chéile, chuaigh an choimhlint seo as úsáid mar ghléas plotála.

B'iad na príomhlaochra ná an Captaen Kathryn Janeway, an t-iar-threallchogaí Chakotay (Robert Beltran), an Vulcánach Tuvok (Tim Russ), an t-iar-threallchogaí leath-Thliongánach B'Elanna Torres, agus í i mbun na n-inneall (Roxann Dawson), an leifteanant fiáin Tom Paris (Robert Duncan McNeill), an Meirgire Harry Kim (Garrett Wang), agus an Dochtúir (Robert Picardo), nach bhfuil ann go bunúsach ach comhéadan úsáideoireachta an ríomhaire, ríomhchlár a chuaigh ag obair nuair a fuair dochtúir na loinge bás. Tháinig cupla príomhlaoch eile ar bhord ón Deilte-Cheathramhán féin, mar atá, Neelix (Ethan Phillips) a chuaigh i mbun na cócaireachta, Kes (Jennifer Lien) a ndearnadh banaltra di, agus Seven of Nine (Jeri Linn Ryan), a bhí ina Borg, is é sin, ina róbat daonna, go dtí gur scaoil criú an Voyager saor í.

Chuaigh an chéad eipeasóid ar an aer ar an séú lá déag de Mhí Eanáir sa bhliain 1995, agus tháinig deireadh leis an tsraith ar an tríú lá fichead de Mhí an Mheithimh sa bhliain 2001.

Star Trek: Enterprise[athraigh | edit source]

An SS Enterprise (NX-01).

Bhí an tsraith seo ceaptha mar réamhstair do na cinn eile, agus na coincheapanna a bhí de ghlanmheabhraíocht ag móidíní an Réaltaistir, ní raibh siad ach á bhforbairt ar an tsraith seo. Bhí na Vulcánaigh ag cuidiú leis an gcine daonna an spás a thaisteal, ach má bhí féin, bhí siad den tuairim nach raibh na daoine in ann déanamh as dóibh féin go fóill, rud a chothaíodh coimhlint idir an dá chine. Sa chéad trí shéasúr léiritheoireachta, bhí cuid mhaith de na plotaí bunaithe ar "Chogadh Fuar an Ama". Bhí sórt comhcheilge, nó an Cabal, ag iarraidh an stair a chur as a riocht. Ó bhí líon na bhféachadóirí ag titim, áfach, fuair na léiritheoirí riachtanach coincheap na sraithe a athrú agus namhaid nua, an cine úd Xindi, a thabhairt isteach. D'fhág an t-athrú seo blas níos láidire den cheoldráma choinbhinsiúnta spáis ar an tsraith, ach má d'fhág féin, thaitin an t-athrú leis na féachadóirí.

Mar sin féin, chinn an comhlacht teilifíse ar an tsraith a stopadh roimh an am pleanáilte. Chuir na móidíní go mór mór in aghaidh na comhairle seo, ach ní raibh gar ann. Chuaigh an chéad eipeasóid ar an aer ar an séú lá fichead de Mhí Mheán Fómhair sa bhliain 2001, agus cuireadh clabhsúr uirthi ar an tríú lá déag de Mhí an Mheithimh sa bhliain 2005.

B'iad an triúr príomhlaochra ná an Captaen Jonathan Archer (Scott Bakula), an t-oifigeach Vulcánach T'Pol (Jolene Blalock), agus an príomhinnealtóir Trip Tucker (Connor Trinneer). Bhí roinnt mhaith laochra eile ann, ach b'iad na triúraithe seo fócas na sraithe, agus bhí féachadóirí agus léirmheastóirí áirithe ag fáil lochta ar an dóigh ar fágadh an chuid eile den chriú gan forbairt.

Na Scannáin[athraigh | edit source]

Léirigh Paramount Pictures deich scannán a raibh a n-imeachtaí suite in ollchruinne an Réaltaistir. B'iad laochra an chéad sraith a chonacthas ar an chéad sé chéann, agus tháinig foireann ST:TNG ar bhord ar an gcuid eile acu.

Is é an phiseog atá ag na móidíní ná go bhfuil na scannáin a bhfuil uimhir chothrom orthu i bhfad níos fearr ná na cinn a bhfuil uimhir chorr orthu. Is gnách, mar sin, a shíleadh gurb iad Star Trek II, Star Trek IV, Star Trek VI, agus Star Trek: The First Contact na scannáin is mó a thaitníonn leis na móidíní, agus gurb iad Star Trek I agus Star Trek V is lú orthu. Ní mór an réamhbhreithiúnas seo a mhioncheartú, áfach. Mar shampla, ó tháinig "leagan an stiúrthóra" den chéad scannán ar fáil ar an DVD, is iomaí féachadóir a d'athraigh a dhearcadh ina leith. Thairis sin, bhí an-rath ar an tríú scannán, chomh maith. Ón taobh eile de, ní raibh meas an mhadra ag na léirmheastóirí ar an deichiú scannán (Star Trek: Nemesis), nó bhí siad den bharúil nach raibh ann ach athdhéanamh ar an dara ceann. Ba é scannán na blana 2009 an ceann is rathúla.

Star Trek: The Motion Picture (1979)[athraigh | edit source]

Póstaer STTMP.jpg

Ar an scannán seo, chonacthas foireann an chéad sraith, agus an Captaen Kirk ag dul i gceannas ar an Enterprise arís eile - rud nár thaitin leis an gCeannfort Decker (Stephen Collins), a bhí díreach ceaptha mar Chaptaen nua ar an spáslong chéanna. Pearsa úr eile ar bhord na loinge ab ea í an Leifteanant Ilia (Persis Khambatta). Bhí scamall dubh ag druidim isteach leis an Domhan, agus é ag ithe roimhe gach rud a thagadh ina bhealach, agus b'é misiún an Chaptaein Kirk an scamall a stopadh. De réir a chéile, d'iompaigh sé amach gur sean-spástaiscéalaí róbatach de chuid an Domhain féin a bhí ann agus é ar lorg a chruthaitheora.

Star Trek II: The Wrath of Khan (1982)[athraigh | edit source]

Póstaer STTWOK.gif

Sárbhithiúnach ab ea é Khan Noonien Singh (Ricardo Montalban) a chaith na céadta bliain faoi thámhnéal, go dtí gur mhuscail foireann an Enterprise é de thaisme (san eipeasóid Space Seed den chéad sraith). Fuarthas amach gur deachtóir gránna a bhí ann lena lá, agus díbríodh go pláinéad cúlriascmhar é. Sa scannán, tháinig Khan ag baint a shásamh as Kirk.

Star Trek III: The Search of Spock (1984)[athraigh | edit source]

Póstaer STTSS.jpg

Scannán leantach is ea é seo don Wrath of Khan. Fuair Spock bás sa scannán sin, ach nuair a hadhlacadh ar an bpláinéad nua-chruthaithe úd Geiniseas é, tháinig sé ina bheo arís. Pláinéad ar leith a bhí ann a raibh an bheatha ag forbairt air i bhfad níos luaithe ná mar ba chóir, agus ba chuid den iarmhairt seo aiséirí Spock. Mar sin féin, chaithfí anam agus cuimhní cinn Spock a atógáil go fóill, agus sin é an obair a bhí idir lámhaibh ag Kirk agus McCoy sa scannán seo.

Star Trek IV: The Voyage Home (1986)[athraigh | edit source]

Póstaer STTVH.jpg

Chuir an ceann seo clabhsúr ar an tríológ a thosaigh leis an dara scannán. Is gnách "scannán na míolta móra" a thabhairt ar an gceann seo, nó i dtús an scannáin, tháinig bagairt nua ón spás ag iarraidh an Domhan a léirscrios - spástaiscéalaí coimhthíoch a bhí ann agus é ag cur na bhfarraigí ar coipeadh agus ag déanamh gach sórt mioscaise eile. De réir a chéile, d'iompaigh sé amach go raibh an taiscéalaí coimhthíoch ag féachaint le teacht i dteagmháil leis na míolta móra dronnacha, cineál a bhí in éag le dhá chéad bliain de dheasca róshealgaireachta. Mar sin, b'éigean do Kirk agus a chriú turas a thabhairt ar an am a chuaigh thart le teacht ar mhíolta móra beo den chineál seo.

Star Trek V: The Final Frontier (1989)[athraigh | edit source]

Póstaer STTFF.jpg

B'iad na críocha déanacha a bhí i gceist leis an scannán seo dháiríre, nó b'ansin a chuaigh Kirk agus Spock ar lorg Dé. Is é sin, shealbhaigh tréigtheoir Vulcánach, Sybok, an spáslong Enterprise leis an bpláinéad úd Sha Ka Ree a bhaint amach, agus an criú ar bhord leis ar an turas seo. Bhí Sybok suite siúráilte gurb as an bpláinéad sin a thosaigh cruthú na hollchruinne, agus gurb é Dia a bhí ag cur faoi ansin. Nuair a tháinig an fhoireann go Sha Ka Ree, d'iompaigh sé amach nach é Dia a bhí ag rialú an phláinéid, ach fórsa naimhdeach a bhí ní ba chosúla leis an Diabhal.

Is iomaí móidín a fuair locht ar an scannán seo, agus níor thaitin sé go rómhaith le Gene Roddenberry féin. Ní raibh an mhaisíocht ach go lagmheasartha, nó ós rud é nach raibh seirbhísí an chomhlachta úd Industrial Light and Magic ar fáil, b'éigean dul i dtuilleamaí gnóthas maisíochta eile nach raibh ábalta obair leath chomh slachtmhar a dhéanamh. Thairis sin, cé go raibh an scéal féin dorcha duairc, rinne na léiritheoirí iarracht greann a chur leis an scannán nach raibh ag teacht go rómhaith leis an ábhar ná leis an bplota.

Star Trek VI: The Undiscovered Country (1991)[athraigh | edit source]

Póstaer STTUC.jpg

Na Tliongánaigh, agus iad ina naimhde ag Cónaidhm Aontaithe na bPláinéad roimhe seo, fuair siad iad féin i gcruachás, nó phléasc monarcha dá gcuid, agus rinneadh dochar tromchúiseach d'atmaisféar a bpríomhphláinéid, Kronos (Qo'noS i dteanga na dTliongánach féin). Agus an ocsaigin ag rith gann orthu, b'éigean dóibh síocháin a lorg leis an gCónaidhm, agus tháinig Kirk ar cuairt chuig Seansailéir na dTliongánach ar bhord a spásloinge, Kronos a hAon. Le linn na teagmhála seo, áfach, maraíodh an Seansailéir, agus ó bhí na feallmharfóirí ag caitheamh sainéidí na Cónaidhme, shíl na Tliongánaigh gur comhcheilg a bhí ann agus gurbh é Kirk a phleanáil an feallmharú. Mar sin, tugadh Kirk agus McCoy go dtí Rura Penthe, coilíneacht pheannaideach de chuid na dTliongánach. D'éirigh leo a n-éalú a dhéanamh ón áit, agus sa deireadh, stop siad na fíor-chiontóirí ó thuilleadh míoscaise a dhéanamh.

Is léir go raibh príomhthéamaí an scannáin seo bunaithe ar na himeachtaí comhaimseartha, go háirithe ar an gCogadh Fuar a bhí go díreach ag dul in éag. Bhí na Tliongánaigh féin bunaithe ar na Rúisigh, agus chonacthas a ról ag athrú sna scannáin agus sna sraithscéalta de réir mar a bhí caidreamh na Meiriceánach is na Rúiseach ag athrú. Is féidir dearcadh ar an scannán seo mar réamhscéal don tsraith úd ST:TNG, ina bhfuil an Chónaidhm agus na Tliongánaigh i gcomhghuaillíocht le chéile.

Star Trek: Generations (1994)[athraigh | edit source]

Póstaer STGEN.jpg

Mar is léir ón teideal, tháinig an dá ghlúin le chéile sa scannán seo, mar atá, glúin an chéad sraith agus an dara glúin. Ocht mbliana déag is trí scór roimh imeachtaí ST:TNG, chuaigh ceal i gKirk i dtimpeallacht an ribín fuinnimh ar a dtugtar an Nexus, agus an saol mór ag síleadh go raibh sé básaithe ansin. Déanta na fírinne, áfach, bhí an Nexus in ann an duine a choinneáil beo go síoraí i gcineál támhnéal agus na rudaí ba mhian leis a sholáthar dó mar chiapóga is mar sheachmall intinne. D'imigh na blianta, agus tháinig an ghlúin úr i gceannas ar an Enterprise. Lá de na laethanta, bhí Picard agus a chriú ag iarraidh an t-eolaí mire úd Tolian Soran a stopadh. Bhí Soran i ndiaidh a bhean chéile a chailleadh, agus theastaigh uaidh í a "athbheochan" le cuidiú an tseachmaill a chuirfeadh an Nexus air. Mar sin, phléasc sé roinnt réaltaí le buamaí móra le cumhachtaí millteanacha a chruthú a thabharfadh an Nexus a fhad lena phláinéad féin. Níor éirigh leis, áfach, ach olltubaiste chosmach a tharraingt anuas ar an bpláinéad. De thoradh na n-imeachtaí seo, áfach, fuair Picard é féin istigh sa Nexus, agus casadh an Captaen Kirk air ansin. Bhain siad úsáid as cumhachtaí an Nexus le dul ar ais san am an oiread is a ligfeadh dóibh Soran a stopadh sula maidhmfeadh sé a chuid buamaí. Goineadh Kirk go héag sa teagmháil, áfach, agus d'adhlaic Picard é.

Star Trek: First Contact (1996)[athraigh | edit source]

Póstaer STFC.jpg
An Enterprise E as na scannáin First Contact, Insurrection agus Nemesis.

Sa scannán seo, rinne na Borg, na róbait dhaonna, ionradh ar an gCónaidhm. Is é an cineál dream atá i gceist leis na Borg ná daoine a bhfuil gléasra leictreonach curtha leo, agus iad nasctha dá chéile i gcruth is nach bhfuil intinn dhaonna ná indibhidiúlacht fágtha ag aon duine acu - "intinn coirceoige" atá ann. Tá siad dírithe ar na daoine agus na neachanna daonchosúla a chastar orthu a nascadh den intinn coirceoige chomh maith, nó a "chomhshamhlú", mar a deir siad féin. "Ní fiú cur inár n-aghaidh, comhshamhlófar thú chomh maith le duine" - sin é an nath a chluinfeá acu.

I dtús an scannáin, cuireadh Picard ar patról sa limistéar neodrach idir an Chónaidhm agus críocha na Romulánach. Ní raibh sé sásta leis an misiún seo, agus a fhios aige go raibh na Borg ag éirí bagarthach ar an Domhan. Mar sin, thug sé aghaidh abhaile, agus mar a taibhsíodh dó, bhí an Réaltloingeas díreach ag cur catha ar na Borg. B'éigean dó, ansin, taisteal ama a dhéanamh leis an iarracht a chur ar neamhní a rinne na Borg chun cor a chur i stair an Domhain.

Star Trek: Insurrection (1998)[athraigh | edit source]

Póstaer STINS.jpg

Sa scannán seo, chuaigh Picard agus a chriú ar cuairt ar Ba'ku, áit a rabhthas ag déanamh taighde ar shaol na mbundúchasach. Bhí saol sona ag muintir Ba'ku, toisc go raibh siad á gcoinneáil óg aerach ag an gcineál radaíochta a bhí ar fáil ar a bpláinéad. Fuair Picard boladh de chomhcheilg a bhí meáite ar bhuntáiste a ghlacadh ar an radaíocht seo agus muintir an phláinéid a athrú go dtí áit éigin eile.

Star Trek: Nemesis (2002)[athraigh | edit source]

Póstaer STNEM.jpg

Cé go bhfuil príomhscannán nua ar na bacáin, dealraíonn sé go raibh Nemesis ar an gceann deireanach inar taispeánadh foireann an Next Generation. Chonacthas Kathryn Janeway (Kate Mulgrew) ón Voyager ar an scannán seo freisin. Chuaigh Picard agus a fhoireann ar cuairt chuig Romulus, agus malairt rialtais díreach i ndiaidh dul i gceannas ar an bpláinéad sin i ndiaidh réabhlóid mhíleata. Deachtóir óg arbh ainm dó Shinzon a bhí ag rialú an phláinéid, agus tháinig sé chun solais gur cóip chlónaithe de Picard ab ea é Shinzon. B'í an choimhlint idir Picard agus a oidhre clónaithe an chuid lárnach de phlota an scannáin.

Star Trek (2009)[athraigh | edit source]

Bhí seancharactair ó Star Trek: The Original Series ann.

Tábhacht agus Tionchar an Réaltaistir[athraigh | edit source]

Tá sé sábháilte a rá go bhfuil an Réaltaistear ar an dráma teilifíse is mó a d'imir tionchar ar an gcultúr comhaimseartha. Tháinig an chéad sraith ar an aer thiar sna seascaidí, agus ó shin i leith, léiríodh ceithre shraith eile agus deich bpríomhscannán. Thairis sin, tá gach sórt seachtháirgí ann ó ríomhchluichí go bréagáin, agus coincheap an Réaltaistir iompaithe ina thionscal. D'fhéach léiritheoirí eile le haithris a dhéanamh ar an Réaltaistear, ach ní raibh siad in ann é a dhearscnamh, cé go raibh ceann, ar a laghad, dá gcuid iarrachtaí - Babylon 5 - níos fearr ná an Réaltaistear féin, dar le cuid mhaith léirmheastóirí. Bhí ag éirí le George Lucas ar feadh tamaill, ach nuair a tháinig an crú ar an tairne, rug an Réaltaistear bua ar Chogadh na Réaltaí.

Dhíol Gene Roddenberry an Réaltaistear leis an NBC mar shórt eachtra ón Iarthar Fiáin, ach amháin go raibh sé suite sa spás. Theastaigh uaidh scéalta sofaisticiúla a insint a mbeadh baint acu leis an saol comhaimseartha, agus iad sáite i bhfráma na todhchaí. Bheadh fadhbanna an tsaoil chomhaimseartha le haithint ar an dráma freisin, ach san am céanna, bheadh dearcadh dóchasach, daonnachtúil á chur chun tosaigh mar leigheas. Maidir leis an nath sin "aghaidh a thabhairt go cróga ar an áit nach ndeachaigh aon duine roimhe seo", tháinig sé beagnach neamhathraithe ó bhilleog a d'eisigh an Teach Bán i ndiaidh do na Rúisigh an chéad satailít de dhéantús daonna - Sputnik - a chur ag timpeallú an Domhain, thiar sa bhliain 1957. Bhí na "triúraithe" - Kirk, Spock, agus McCoy - bunaithe ar mhúnlaí clasaiceacha na scéalaíochta miotasúla. Ghlac Roddenberry seasamh sna coimhlintí comhaimseartha cine freisin, nuair a chuir sé criú ildaite ar bhord an Enterprise, agus é ag áitiú ar an bhféachadóir go mbeadh na fadhbanna seo inleigheasta freisin i saol réasúnach, eolaíochtúil na todhchaí.

Cé go raibh drámaí ficsin eolaíochta eile ar an teilifís ag an am, bhí an Réaltaistear an-difriúil leis an gcuid eile acu, ó bhí sé dírithe ar na daoine fásta, agus é ag insint scéalta casta a raibh teagasc morálta ag baint leo. Nuair a chuaigh an tsraith ar an aer an chéad uair, ní raibh an comhlacht teilifíse sásta le líon na bhféachadóirí, agus murach gur chrom na móidíní ar litreacha a scríobh chuig an gcomhlacht, bheadh deireadh curtha leis an tsraith i ndiaidh an dara séasúr cheana féin. Bhí an NBC sásta an tríú séasúr léiritheoireachta a dhéanamh, ach ansin, cuireadh an Réaltaistear in áit mhíchompordach ar sceideal na gcláracha, agus chaill sé an oiread féachadóirí is gur éirigh an NBC as i ndiaidh an tríú séasúr. Ina dhiaidh sin, áfach, siondacáitíodh an tsraith - is é sin, dhíol an NBC le stáisiúin teilifíse eile í. B'ansin a thosaigh cultas an Réaltaistir ag forbairt.