Tirpitz

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Tirpitz in Alta-Fjord san Iorua

Cathlong Ghearmánach a bhí sa Tirpitz a lainseáladh ar an 1 Aibreán 1939. Bhí sí ar an dara cathlong den aicme Bismarck - ba í an Bismarck an chéad cheann. Murab ionann agus an Bismarck, a chuaigh i dtóin phoill sa bhliain 1941 i ndiaidh gairmréim ildaite cogaíochta a chur di, d'fhan an Tirpitz an chuid ba mhó den am ar ancaire san Iorua (a bhí forghafa ag na Gearmánaigh san am). Níor scaoil an Tirpitz oiread is urchar amháin le haon long chogaidh eile, agus an t-aon uair amháin a bhí sí páirteach sa chogaíocht, ba ar thargaidí talún a bhí sí ag lámhachadh. Mar sin féin, bhí na Sasanaigh buartha faoin dainséar a bhí i gcathlong chomh mór trom sin dá gcuid oibríochtaí féin, agus rinne siad an iliomad ionsaithe leis an long a shuncáil. D'éirigh leo sa deireadh ar an 12 Samhain 1944, nuair a d'ionsaigh eitleáin throma buamála í chois Tromsø i dTuaisceart na hIorua. Tarrtháladh 82 mairnéalach, ach fuair 971 fear bás sa teagmháil.

Fuair an long seo a hainm ón Aimiréal Alfred von Tirpitz (1849-1930), a bhunaigh cabhlach cogaidh na Gearmáine Impiriúla.