Tiaimín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Vitimín B1, intuaslagtha in uisce, a fheidhmíonn mar einsím comhfhachtóra in ocsaídiú glúcóis. Má tharlaíonn uireasa, faigheann duine beri-beri, galar a bhíodh coiteann tráth, in oirdheisceart na hÁise go háirithe mar a mbíodh rís snasta, nach bhfuil mórán vitimín B1 ann, ina phríomhbhia ag na daoine. Díghrádaítear tiaimín le linn cócaireachta i meán alcaileach, agus mar sin má úsáidtear sóid i bhfiuchadh glasraí laghdaítear an tiúchan tiaimín iontu.