Beri-beri

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Galar a chothaítear de thoradh easnamh vitimín B1. Tarlaíonn sé i gcás alcólachta is díth cothaithe. Cuireann sé isteach ar na néaróga forimeallacha (polainéiríteas), tarlaíonn laige agus cailliúint mothúcháin sna lámha is sna cosa. Cuireann sé tús le cliseadh croí is éidéime freisin.