Vitimín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Struchtúr, vitimín E

Is substaint orgánach é an vitimín nach mbíonn ach rian de i ngnáthbhianna. Bíonn vitimíní riachtanach le haghaidh na meitibileachta. Mura mbíonn vitimíní sa bhia againn tagann aicídí easpa ar dhaoine, amhail racaíteas, agus beri-beri. Leis an taighde is déanaí áfach is fearr go mór an tuiscint atá anois ag daoine ar iarmhairtí na vitimíní. Tuigtear anois gur mór i gceist na rianchomhdhúile seo maidir le sláinte agus le folláine gach uile ball agus gach uile chille sa cholainn. Is é mar atá go gcuireann siad le sláinte gach uile bhaill den cholainn. Aicídí áirithe de chuid na seanaoise - an ailse, aicídí an chroí, piochánacht na gcámh, laige sa chóras imdhíonachta, meathlú na néaróg - is mór an cuidiú iad na vitimíní chun iad sin a mhoilliú agus a chloí.

Mar shampla, vitimín E, vitimín C, agus an bhéite-charaitéin, súnn siad saorfhréamhacha a dhéanfadh díobháil do na crómasóim. Cosaint is ea na vitimíní ar an tslí sin i gcoinne ailse agus i gcoinne éalang ó bhroinn. Cuidíonn na vitimíní céanna leis an artairiscléaróis a chloí.

Is ceann de na vitimíní B é an t-aigéad fólach. Neartaíonn sé seo na crómasóim, rud a chuireann i gcoinne na hailse agus na n-éalang ó bhroinn chomh maith.

Cuidíonn vitimín E le feabhas a chur ar an gcóras imdhíonachta ag seandaoine. Cnámha na mná tar éis an tsosa míostraithe - is gnách go gcailleann siad cailciam. Ach cuireann vitimín K moill leis an gcailleadh sini. De réir mar a dhéantar dul chun cinn ar an taighde seo, bí cinnte de go léireofar gur leithne i bhfad ionad na vitimíní sa chothú ná a measadh go dtí seo. Tá gá ag óg agus aosta le vitimíní.

Mar sin féin ní hé do leas a dhéanfá dá rithfeá amach chun piollairí vitimíní a fháil duit féin. Cuir i gcás vitimín A agus vitimín D - in-tuaslagtha i saill a bhíonn siad. An iomarca díobh, bíonn siad tocscaineach. Lena chois sin bíonn vitimíní le fáil go flúirseach i nglasraí agus i dtorthaí, i bhfeoil thrua agus in iasc. Má bhíonn do chothrom den bhia ceart á fháil agat, ní bheidh easpa vitimíní ort.