Tataraigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Grúpa DaonnaTataraigh

Cineálgrúpa eitneach
Daonra iomlán6,421,500 Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Tatairis agus An Rúisis
Creideamhan tIoslam Sunnaíoch agus Ceartchreidmheach an Oirthir
Ball deKipchak (en) Aistrigh, Kipchak–Bulgar (en) Aistrigh agus pobal Tuirciceach
Dáileadh daonra na Turca-Thataracaigh

Grúpa de bhunadh eitneach Tuirceach is ea na Tataraigh (Tatairis: татарлар / tatarlar, Sean-Tuircis:). Cónaíonn siad in Oirthear na hEorpa agus i dTuaisceart na hÁise. Daonra bundúchasach iad na Tataraigh de chuid réigiún na Volga sa Rúis, An Tatarstáin agus an Bháiscortostáin. Bíonn formhór na Tataraigh ina gcónaí i gCónaidhm na Rúise, le daonra de 5.5 milliún, lena n-áirítear 2 mhilliún i bPoblacht na Tatarstáine, milliún amháin i bPoblacht na Báiscortostáine agus 2.5 milliún i réigiúin eile na Rúise.

Tar éis lánscor an Aontais Shóivéadaigh, bhí daonraí suntasacha Tatarach fágtha san Úisbéiceastáin nua neamhspleách, sa Chasacstáin agus san Úcráin.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]