Taifeadadh fuaime

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gramafón

Athrú fuaime chuig foirm instóráilte, ionas gur féidir í a atáirgeadh níos déanaí. Ar dtús, trí phróiseas fuaimiúil lánmheicniúil a rinneadh é.

Taifeadadh an fuaimchomhartha ar chlaiseanna ar shorcóir céarach tar éis an fhuaim a athrú go meicniúil chuig díláithriú scannáin. D'atáirgtí é ansin le gramafón.

De réir a chéile le forbairt na leictreonaice, dhéantaí an fhuaim a bhrath le micreafón agus an fuaimchomhartha a thaifeadadh ar chlaiseanna ar dhiosca meicniúil.

Dhéantaí an fhuaim a atáirgeadh trí ghlacaire snáthaide i bhfónagraf a dhéanadh gluaisní na snáthaide sa chlais ar an diosca a thrasduchtú le criostal pisileictreach chuig fuaimchomhartha leictreonach is a athrú ar ais ina fhuaim le callaire.

Ó na 1980idí tháinig taifeadadh digiteach chun cinn.

Déantar an fuaimchomhartha ón micreafón a shampláil ag minicíocht níos mó ná an mhinicíocht fuaime is mó a bhíonn le taifeadadh, agus gach sampla a dhigitiú. Athraítear an fuaimchomhartha ina shraith d'uimhreacha dénartha a stóráiltear i gcuimhne mhaighnéadach (ar théip), optúil (ar dhlúthdhiosca), nó leathsheoltach ríomhaire. Is féidir taifeadadh is atáirgeadh an-chruinn an-dílis a bhaint amach.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Taifeadadh fuaime". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 638.