Cuimhne ríomhaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An chuid de ríomhaire a stórálann cláir is sonraí, go buan nó go neamhbhuan. Tá dhá chineál bhunúsacha ann: cuimhne randamrochtana (RAM), agus cuimhne inléite amháin (ROM). I bhfoirm ciorcad iomlánaithe a fhaightear iad, agus is féidir sonraí a léamh, nó a aistriú astu nó iontu go han-tapa leis an láraonad próiseála.