Téipthaifeadán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
téipthaifeadán

Fearas chun fuaim is eolas leictreonach eile a stóráil ar théip mhaighnéadach.

Is féidir na taifid a athsheinm leis an bhfearas céanna. Ar dtús athraítear an fhuaim ina comhartha leictreonach le micreafón, agus soláthraítear an comhartha seo don chnoga taifid. Ritheann an téip mhaighnéadach thar an gcnoga seo, agus taifeadtar an comhartha i bhfoirm athruithe sa staid mhaighnéadach ar feadh na téipe.

Chun an taifead a athsheinm, ritear an téip thar chnoga athsheanma a léann an staid mhaighnéadach ag gach pointe ar an téip is í ag dul thart, agus athghintear an bunchomhartha.

Tábhachtach le blianta fada sna tionscail taifeadta is craoltóireachta, agus siamsa baile. Faoi seo tá an modh seo á chaitheamh i gcártaí agus modhanna nua — dlúthdhioscaí bunaithe ar mhaighnéadas fós, agus cuimhní soladstaideacha bunaithe ar ríomhairí — ag teacht ina ionad.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Téipthaifeadán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 654.