Taifeadadh digiteach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Fostex  VM-200 (1999)

Teicníocht chun fuaim a thaifeadadh, a saothraíodh sna 1970idí, ina gcuirtear sraith bíog códaithe in ionad na tonnfhoirme analógaí a bhí in úsáid roimhe sin. Is beag nach bhfuil torann téipe, iomlaoidí airde is díchumadh díbeartha go hiomlán aige.

Baineadh feidhm as máistirthéipeanna, taifeadta go digiteach, chun ceirníní a dhéanamh, ach faightear na buntáistí uile nuair a chuirtear an comhartha díreach ón díchódóir isteach san aimplitheoir agus uaidh sin don challaire, mar a dhéantar le dlúthdhiosca is fuaimthéip dhigiteach.

Sna 1990idí tháinig fuaimchraoltóireacht dhigiteach chun cinn mar chóras ardchaighdeáin tarchur raidió, an dlúthchaiséad digiteach mar fhormáid do théipchaiséid, agus an diosca digiteach físe (DVD), a bhí cosúil leis an dlúthdhiosca ach déthaobhach ilchisealach chun a thoilleadh stórála a mhéadú as cuimse.

Le taifeadadh digiteach, is féidir ríomhairí a úsáid chun gach cineál meáin a phróiseáil.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Taifeadadh digiteach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 638.