Sylvia Plath
| Sylvia Plath | |
| Teach Shylvia Plath i Londain Shasana | |
| Dáta breithe | 27 Deireadh Fómhair, 1932 |
| Bostún, Massachusetts, SAM | |
| Dáta báis | 11 Feabhra, 1963 |
| Londain, Sasana | |
| Ainm cleite | Victoria Lucas |
| Náisiúntacht | Meiriceánach |
| Gairm | File, úrscéalaí, gearrscéalaí |
| Seánra | Filíocht, faoistiniúil |
| Duaiseanna | Scoláireacht Fulbright, Duais Glascock (1955), Duais Pulitzer don Fhilíocht (1982), Ánracht Woodrow Wilson |
| Céile | Ted Hughes |
| Síniú |
|
B'fhile, úrscéalaí agus gearrscéalaí Meiriceánach í Sylvia Plath. Rugadh i mBostún, Massachusetts í ar an 27 Deireadh Fómhair, 1932 agus cailleadh í ar an 11 Feabhra, 1963 i Londain Shasana tar éis di lámh a chur ina bás féin.[1] D'fhreastal sí ar Choláiste Mhic Gabhainn (Béarla: Smith College) i Northampton, Massachusetts (Sasana Nua) agus ar Choláiste Newnham sa Droichead Cam nuair a bhronnadh an Scoláireacht Fulbright uirthi.[2] Phós sí an file Ted Hughes sa bhliain 1956 agus chuir siad fúthu i Meiriceá, sular bhog go Sasana sa bhliain 1959[3]. Bhí beirt clainne acu: Frieda agus Nicholas. Bhí fulaingt dhian ag Sylvia Plath leis an ghalar dubhach, agus bhí sí sin, maraon lena hidirscaradh pósta sa bhliain 1962, ar cheann de na príomhchúiseanna lena féinmharú.[4]
Saothair [athraigh]
An Clogad [athraigh]
Is é An Clogad[5] (Béarla: The Bell Jar) an leabhar is mó le rá de chuid Sylvia Plath. Úrscéal dírbheathaisnéiseach atá sa Chlogad, an t-aon úrscéal dár scríobh Plath riamh. Foilsíodh den chéad uair é sa bhliain 1963 (mí roimh bhás an údair) faoin ainm cléite Victoria Lucas. B'iarracht é An Clogad a léiriú "cé chomh leithlisithe is a mhothaíonn an té atá i mbun cliste néaraigh" agus "mo shaol [saol Shylvia Plath] agus na daoine atá inti a shamhail mar a bheadh dá mbeifeá ag faire orthu trí ghloine chlogaid a dhéannann rudaí a dhíchumadh".[6]
| Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann leis an ábhar seo: Sylvia Plath |
Tagairtí [athraigh]
- ↑ Encyclopedia Britannica
- ↑ Helle (2007) p44
- ↑ Kirk (2004) pxx
- ↑ Becker. (2003)
- ↑ Focal.ie http://www.focal.ie/Search.aspx?term=bell+jar
- ↑ Plath Biographical Note 294-5. From Wagner-Martin (1988) p107
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.