Sydney Brenner

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Micribitheolaí a rugadh i Germiston san Afraic Theas is ea Sydney Brenner (1927-). Rinne sé taighde ar chód eolais an DNA agus an gaol idir néarchóras an ainmhí is a chomhdhéanamh géiniteach. Roinn sé Duais Nobel sa bhfiseolaíocht/míochaine i 2002 le John Sulston is Robert Horvitz as a dtaighde a léirigh rialú géiniteach fhás is fhorbairt orgán agus bás cláraithe na cille. D'fhoilsigh sé dírbheathaisnéis, My Life in Science (Mo Bheatha san Eolaíocht, 2001).