Cyril Norman Hinshelwood

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceimicí a rugadh i Londain ab ea Cyril Norman Hinshelwood (1897-1967). Rinne sé taighde ar iarmhairtí drugaí ar chealla baictéar, agus cinéitic imoibrithe ceimiceacha. Roinn sé Duais Nobel sa cheimic i 1956 le Nikolai Semenov as an saothar ar chinéitic imoibrithe.