Sulby

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilSulby

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°18′N 4°30′W / 54.3°N 4.5°W / 54.3; -4.5

Sráidbhaile i bparóiste Creest ny h-Ayrey, Oileán Mhanann is ea Sulby. Tá sé suite ar an mbóthar A3, in áit a cheanglaíonn Balley Chashtal i ndeisceart an oileáin le Rhumsaa sa tuaisceart. Tagann an t-ainm Sulby ó Sõlabyr (Talamh Soli) sa tSean-Lochlainnis.[1]

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an chuid is sine den sráidbhaile suite san áit a dtagann bóithre A14 agus B9 (Bóthar an Chladaigh) le chéile. Tá muileann agus páirc sa chuid seo den sráidbhaile. Tá an phríomhchuid den sráidbhaile suite ar an mbóthar A3 idir Close y Woaillee (Clós an Bhuaile) as Thie Mooar Jinshar (Teach Mór Sinséir).

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. c. 1376 Chron. Mann. Sulaby, 1515 Man. Roll Soulby, 1703 Sulby Scand. Sõlabyr, 'Soli's estate.' Manx notebook