Skeerey Pherick

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilSkeerey Pherick

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°09′07″N 4°40′23″W / 54.152°N 4.673°W / 54.152; -4.673
Spleáchas na CorónachOileán Mhanann
SheadinGlion Faba Cuir in eagar ar Wikidata

Paróiste (Manainnis: skeerey) in Oileán Mhanann is ea Skeerey Pherick (Gaeilge: Paróiste Phádraig, Béarla: Patrick). Tá sé sa sheadin Glion Faba ar chósta thiar an oileáin. Ceantar sléibhtiúil atá ann, ina bhfuil fána thuaidh Baarool Jiass, Slieau Whallin, agus Slieau Ghelbee. Tá Purt ny h-Inshey ar an taobh thuaidh de, agus paróistí Carmane ar an taobh thoir thuaidh, Marooney ar an taobh thoir, Malew ar an taobh thoir theas, Chairbre agus Rosien ar an taobh theas, agus Muir Éireann ar an taobh thiar den pharóiste. Tá Glion Rosien suite idir Slieau Ghelbee agus Baarool Jiass, agus ritheann sé síos go dtí Glion Mooar (Gleann Mór) ansin ar aghaidh go dtí Glion Muigh (Gleann Buí). Ritheann Awin Ghlion Muigh trí na gleanntáin sin agus tá eas in Glion Muigh suite timpeall is míle amháin ón chósta.

Tá ceithre shráidbhaile sa bparóiste: tá Delbee suite i ngar don chósta ar an taobh thiar de Slieau Ghelbee, Forsdal agus Skyll Pherick ar an taobh thuaidh, agus Glion Muigh ar an gcósta.