Glion Muigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilGlion Muigh

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°11′02″N 4°42′14″W / 54.184°N 4.704°W / 54.184; -4.704
Spleáchas na CorónachOileán Mhanann Cuir in eagar ar Wikidata

Sráidbhaile beag is ea Glion Muigh, (a chiallaíonn Gleann Buí i nGaeilge Mhanann, Béarla: Glen Maye) ar chósta thiar Mhanann, díreach ó dheas de Phurt ny h-Inshey.

Thuill sé an t-ainm ón abhainn leis an ainm céanna atá ann. Tá an gleann aithnidiúil toisc go bhfuil eas pictiúrtha agus siúlóid ar thaobh na fothana ann. Tá a choillearnach líonta le raithneacha agus téann an siúlóid go dtí trá phúrógach ar an chósta. Ag bun an ghleanna, tá 'Cásrotha Mhona Erin', an fhianaise dheireanach atá le feiceáil go raibh mianadóireachta ar siúl san áit seo idir 1740 agus 1870. Cuimsíonn an gleann roinnt 11.5 acra (47,000 m2) atá suite ar an dá thaobh den Abhainn Rosien, agus tháinig sé in úinéireacht an comhlachais 'Oidhreacht Náisiúnta Mhanann', sa bhliain 1960.

Tá an sráidbhaile aitheanta freisin as a theach ósta, "The Waterfall Hotel", suite ag béal an ghleanna, agus in aice leis an eas féin.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]