Stán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Stán
Siombail Cheimiceach Sn
Uimhir Adamhach 50
Meáchan Adamhach 118.710(7) g·mol-1
Grúpa, Peiriad 14, 5, p
Dlús 5.769  g·cm−3
Sraith Cheimiceach Miotail iarthrasdultacha
Sn-TableImage.png

Is é an stán dúil cheimiceach uimhir a 50 agus is í an tsiombail cheimiceach a thagraíonn dó sna foirmlí ceimiceacha ná Sn. Ó thaobh na ceimice de, tá sé sách cosúil leis an dá dhúil is cóngaraí dó i ngrúpa a 14, is é sin, an luaidhe agus an gearmáiniam. Miotal iar-thrasdultach é an stán go bunúsach, cé go bhfuil tréithe áirithe aige a chuireann miotalóideach nó neamh-mhiotal i gcuimhne. Tá dhá uimhir ocsaídiúcháin aige, mar atá, +2 (na comhdhúile stánúla) agus +4 (na comhdhúile stánacha). Is iad na comhdhúile stánacha is cobhsaí.

Stair[athraigh | edit source]

Tá an t-ainm sin stán bunaithe ar stannumstagnum na Laidine. Ar dtús, ba é ba bhrí leis an bhfocal seo ná "cóimhiotal airgid agus luaidhe", agus is é an téarma a chiallaigh "stán" ná plumbum candidum, "luaidhe bhán". Níl a fhios ag aon duine cad is bunús don fhocal sin stagnum, agus is féidir gur tháinig sé as ceann de na teangacha ársa réamh-Ind-Eorpacha san Eoraip. Ón taobh eile de, tá an teoiric ann gur focal Coirnise é, ó bhí poill mhianaigh i gCorn na Breataine fadó agus iad ina bhfoinsí tábhachtacha stáin.

Tá aithne ag an gcine daonna ar an stán ó na laethanta réamhstairiúla anuas. Go bunúsach, thosaigh an mhianadóireacht stáin timpeall ar thrí mhíle bliain roimh Chríost, san am chéanna ar thosaigh an Chré-umhaois. Is í an chasatairít - an dé-ocsaíd stáin, SnO2 - an mianra stáin is tábhachtaí ó na laethanta sin anuas. Inniu féin baintear an chuid is mó den stán as an gcasatairít.

Ceimic[athraigh | edit source]

Tá deich n-iseatóp cobhsaí nádúrtha ag an stán: stán a 112 (0.97 % de stán an dúlra), stán a 114 (0.66 %), stán a 115 (0.34 %), stán a 116 (14.54 %), stán a 117 (7.68 %), stán a 118 (24.22 %), stán a 119 (8.59 %), stán a 120 (32.58 %), stán a 122 (4.63 %), agus stán a 124 (5.79 %). Tá iarsmaí beaga de stán a 126 ann freisin. Iseatóp radaighníomhach é an ceann sin agus é fiche trí mhíle bliain ar leathré. Tagann béite-mheath air agus is é antamón a 126 an t-iníoniseatóp. Is é is cúis leis an saibhreas iseatóp seo ná gur ceann de na "huimhreacha draíochta" é 50 san fhisic núicléach, is é sin, uimhir a fheabhsaíonn cobhsaíocht an núicléis. Is é tuiscint na bhfisiceoirí go bhfuil na núicléoin (na prótóin agus na neodróin) ar scealla éagsúla i núicléas an adaimh cosúil leis an dóigh a bhfuil na leictreoin ar scealla éagsúla (nó ar leibhéil éagsúla fuinnimh) i leictreon-néal an adaimh, agus go bhfuil na scealla lán ag na huimhreacha draíochta. Bíonn na dúile "draíochta" eile saibhir in iseatóip chobhsaí freisin - mar shampla tá cúig iseatóp cobhsaí ag an nicil agus ag an gcailciam - ach is é an stán an ceann is mó "draíochta" acu.

Tá roinnt allatróp ag an stán. Is iad an t-alfa-stán agus an béitea-stán an dá cheann is tábhachtai. Is é an béitea-stán an miotal is aithnid dúinn, ach má fhuaraítear an béitea-stán síos go 13.2 °C, gheofar alfa-stán, ar púdar liath é nach bhfuil úsáid ar bith ann. Má mheasctar miotail eile leis an stán, is féidir teocht an trasdula seo a ísliú. Is iad an t-antamón agus an biosmat is fearr a choisceann é.

Miotal insínte é an stán, agus ní ocsaídíonn an t-aer é ach ar éigean, rud a fhágann gur féidir úsáid a bhaint as le miotail eile a chosaint ar ocsaídiú. Úsáidtear stán sna cóimhiotail freisin. An chéad chóimhiotal a bhí ar eolas ag an gcine daonna, ba é an cré-umha é, agus é comhdhéanta as stán agus as copar.

Is féidir halaiginídí an dá staid ocsaídiúcháin a tháirgeadh, mar atá, SnF2 (défhluairíd stáin), SnCl2 (déchlóiríd stáin), SnBr2 (débhróimíd stáin), SnI2 (dé-iaidíd stáin), agus SnF4 (teitreafluairíd stáin), SnCl4 (teitreaclóiríd stáin), SnBr4 (teitreabróimíd stáin) agus SnI4 (teitriaidíd stáin). Solaid iad na halaiginídí stánúla (na déhalaiginídí) go léir, agus iad comhdhéanta as móilíní móra polaiméireacha. Maidir leis na halaiginídí stánacha (na teitreahalaiginídí), is solad polaiméireach é an teitreafluairíd freisin, ach is comhdhúile soghalaithe iad na cinn eile. Leacht í an teitreaclóiríd stáin le teocht an tseomra, fiú. Níl dath ar bith sna halaiginídí stáin, amach ó na hiaidídí, nó tá an dé-iaidíd dearg, agus an teitriaidíd flannbhui.

Tá an dé-ocsaíd stáin, SnO2, amfaiteireach, is é sin, is dual di imoibriú leis na bunanna agus leis na haigéid. Má imoibríonn sí le bun, gheofar salann de chuid an aigéid stánaigh, cé nach bhfuil san aigéad sin ach comhdhúil theoiriciúil nach féidir a aonrú. Níl an dé-ocsaíd stáin sothuaslagtha san uisce, áfach. Tugtar stánáití ar shalainn an "aigéid", agus is é SnO44- foirmle an iain stánáite.

Cosúil leis an dé-ocsaíd, is comhdhúil amfaiteireach í an aonocsaíd SnO freisin. Tugtar stáinítí ar shalainn an "aigéid stánúil", ach úsáidtear an téarma sin sa gheolaíocht i gciall eile - is é sin, le tagairt do phirítí stáin (mianraí a bhfuil copar, stán, iarann agus sulfar iontu).

Tá hidríd amháin ag an stán, mar atá, teitrihidríd stáin nó stánán sa chiall chúng, SnH4. Is comhdhúil an-éagobhsaí í a dhíscaoileann uaithi féin go stán agus hidrigin le teocht an tseomra agus a dhéanfaidh uathadhaint má thagann sí i dteagmháil le hocsaigin an aeir.[1] Nimh atá inti freisin.

Sa chiall fhairsing, tugtar stánáin ar na comhdhúile orgánacha stáin, ina bhfuil adaimh stáin ceangailte le nasc comhfhiúsach d'adaimh charbóin. Na comhdhúile stáin is mó a úsáidtear sa tionsclaíocht, a dhíoltar is a cheannaítear, is comhdhúile orgánacha iad, ach ní mór cuimhne a choinneáil air gur nimheanna láidire cuid mhór acu agus an-dochar iontu don duine agus don dúlra araon.

Úsáidtear stán ar an iliomad bealaí: sádráil, stánphlátáil, cóimhiotail, fiaclóireacht agus a lán eile. Maidir leis na comhdhúile orgánacha stáin, is féidir teacht aniar a chur i bplaisteach vinile (is é sin, clóiríd pholaivinile) le comhdhúile speisialta stáin. Mar a luadh, is nimheanna a lán comhdhúile orgánacha stáin, ach is féidir leas a bhaint as an airí seo freisin. Mar sin, is comhdhúile stáin a lán frithbhréantán. (Is é is frithbhréantán nó péint fhrithbhréantais ann ná péint ar leith a chuirtear ar an long le hí a chosaint ar na halgaí, ar na baictéir agus ar bheothaigh eile ar dual dóibh dul greamaithe sa long ón taobh amuigh agus dochar a dhéanamh di.) Inniu, áfach, táthar an-bhuartha faoin bpriacal atá sna frithbhréantáin stánbhunaithe don timpeallacht. Bhí na comhdhúile tríbhúitilstáin, ina bhfuil an grúpa adamh úd tríbhúitilstán -Sn(CH2CH2CH2CH3)3, an-choitianta mar fhrithbhréantáin tráth den tsaol, ach inniu, táthar ag iarraidh éirí astu, ós truailleáin iad.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Greenwood, Norman N.; Earnshaw, Alan. (1997). "Chemistry of the Elements (2nd ed.)". Oxford: Butterworth-Heinemann ISBN 0-08-037941-9.