Biosmat

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachBiosmat

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach agus commodity (en) Aistrigh
Biosmat sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachBi
Uimhir adamhach83
Mais adamhach208.9804
Peiriad, Grúpapeiread 6
Dúil Ghrúpa 15
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leictridhiúltacht2.02
Ga ianach0.96, 1.03, 1.17 agus 0.76
Stair

Is dúil cheimiceach é an biosmat. Is é an meáchan adamhach atá aige ná 208.98038 g/mol. Is í an uimhir adamhach atá aige ná 83, agus is í an tsiombail adamhach a sheasann dó ná Bi.

Miotal trom sobhriste é an biosmat agus blas beag pinc ar an loinnir gheal atá ann. Ó thaobh na ceimice de, tá sé cosúil leis an arsanaic agus leis an antamón, agus is í an ghnáthuimhir ocsaídiúcháin a bhíonn aige sna comhdhúile ná +3. Úsáidtear an biosmat i dtáirgí cosmaideacha agus sa leigheaseolaíocht, go háirithe le húsáid na luaidhe a sheachaint. Tá comhdhúile áirithe de chuid an bhiosmait nimhiúil go leor, ach tríd is tríd, ní bhíonn an biosmat leath chomh nimhiúil leis an luaidhe.

Dúil radaighníomhach é an biosmat. Ar feadh i bhfad, shíltí go raibh iseatóp nádúrtha an bhiosmait, 209Bi, ar an núiclíd chobhsaí ba troime a bhí ann. Ón taobh eile de, bhí an chuma ar an scéal go gcaithfeadh an t-iseatóp sin féin a bheith radaighníomhach ar chúiseanna teoiriciúla. Sa bhliain 2003, fuair na heolaithe in Orsay sa Fhrainc amach gur núiclíd radaighníomhach a bhí ann dáiríribh, agus an t-alfa-mheath ag teacht air. Ina dhiaidh sin féin, tá leibhéal na radaighníomhaíochta sin chomh híseal, agus leathré an iseatóip chomh fada, is gur féidir dearmad a dhéanamh di sa ghnáthshaol. Le fírinne, tá leathré an bhiosmait billiún oiread níos faide ná aois na hollchruinne féin.

Nuair a thiocfaidh biosmat gásaithe i dteagmháil le hocsaigin an aeir, ocsaídeofar go trí-ocsaíd dé-bhiosmait Bi2O3 é. Ocsaíd aigéadach atá inti agus í ag cruthú salann in éineacht le hiain na miotal. Tá dhá chineál ocsainian ag an ocsaíd seo, mar atá, BiO2- agus BiO33-. Le fírinne, tá sé de chlaonadh sa dá chineál ainian polaiméirí a chruthú. Mar shampla, tá ainian ciúbach ochtaiméireach, Bi8O2424- i gcomhdhúil an bhiosmait, an litiam agus na hocsaigine Li3BiO3.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]