Smart 1

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Taiscéalaí Gealaí a lainseáil an ESA i 2003, an chéad aistear Eorpach don Ghealach. Fuinnmhithe le solas na Gréine, dearadh an spásárthach chun fithis íseal a ghabháil timpeall na Gealaí, ag trasnú thar imlíne a bheadh díláithrithe pas beag go huilleach ó thimthriall go timthriall. Chun léarscáil X-ghathach den dromchla a tharraingt a cuireadh chun na Gealaí é, iarracht ar conas a tógadh an Ghealach a dhéanamh amach. Tar éis an chéad fhithis chuí a ghlacadh i 2005 cuireadh an speictriméadar X-ghathach chun oibre go leanúnach ag anailísiú na ndúl ceimiceach ar dhromchla na Gealaí. Meastar go gcuirfidh an taighde seo go mór lenár dtuiscint ar bhunús is éabhlóid na Gealaí.