Sléacht Charn an Bhua, 1798

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtSléacht Charn an Bhua, 1798
Cineáltarlú Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhCarn an Bhua, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna28 Cuir in eagar ar Wikidata


Carn an Bhua, Loch Garman.

Ar an 25 Bealtaine 1798, chuir fórsaí na Breataine 28 príosúnach chun báis i gCarn an Bhua, Loch Garman. Bhí amhras ann go raibh siad sna hÉireannaigh Aontaithe.[1] Bhí siad á gcoinneáil gan triail. Lámhachadh iad go léir i gcúirt liathróid láimhe, sa phinniúr.

"Beart coisctheach' a bhí ann; bhí an t-arm ag iarraidh ceacht a mhúineadh don phobal. Tháinig an pobal ar thuairim eile ar fad, agus bhris an réabhlóid amach i Loch Garman an lá dár gcionn, ag cur iontas ar an rialtas.

An lá céanna, ar 26 Bealtaine, tharla sléacht eile i nDún Luáin, Contae Chill Mhantáin. Cuireadh 36 príosúnach chun báis.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Seán Delap (2018). "Stór Staire" (COGG).