Seosamh I, An tImpire Naofa Rómhánach
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
B'Impire Naofa Rómhánach, Rí na Boihéime, Rí na hUngáire, Rí na Rómhánaigh, é Seosamh I (26 Iúil, 1678 – 17 Aibreán, 1711). Ba é an mac is sine leis an Impire Leopold I agus lena thríú bean chéile, Eleonore-Magdalena as Pfalz-Neuburg.
Rugadh é i Vien Born i Vín. Sa bhliain 1687, fuair sé coróin na hUngáire agus bhí sé mar Rí na Rómhánach ó 6 Eanáir, 1690 ar aghaidh.
Sa bhliain 1702, throid sé ag léigear Landau i gCogadh Comharbais na Spáinne. Deirtear go bhfuair sé comhairle a bheith cúramach agus áiteanna dainséaracha a sheachaint agus go ndúirt sé "siúd atá eaglach is féidir leo cúlú".
Fuair sé bás den ghalar bolgach.
| Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann leis an ábhar seo: Seosamh I, An tImpire Naofa Rómhánach |