Schießbefehl

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
polasaí "lámhaigh agus maraigh"; cuimhneachán i mBeirlín, 2001

Bhí polasaí "lámhaigh agus maraigh", nó Schießbefehl i nGearmáinis, i bhfeidhm in Iar-Phoblacht Dhaonlathach na Gearmáine, ó 1960 go dtí 1989. Scaoileadh le duine lena mharú chun cosc a chur le Republikflucht[1] (iarracht éalú nó ag iarraidh teitheadh thar theorainn laistigh na Gearmáine go dtí Beirlín Thiar nó Poblacht na Cónaidhme).

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scoilteadh Beirlín go buan i Lúnasa 1961: bhí tús curtha le tógáil an Bhalla i mBeirlín ar an 13 Lúnasa 1961. Cuireadh gardaí armtha ar bharr an bhalla agus scaoileadh daoine a rinne iarracht éalú. Mar gheall air sin, thit líon na dteifeach go suntasach.

cuimhneachán i mBeirlín, 2004

Imeachtaí dlí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 25 Lúnasa 1997,[2] ciontaíodh triúr a bhí ina mbaill de Pholitburo Pháirtí na hAontachta Sóisialaí in Iar-Phoblacht Dhaonlathach na Gearmáine.[3] Ciontaíodh Egon Krenz, Günter Schabowski agus Günther Kleiber i ndúnmharú d'aon ghnó mar gheall ar an bpáirt a bhí acu agus an polasaí lámhaigh agus maraigh a choimeád i bhfeidhm maidir le daoine a bhí ag iarraidh teitheadh thar theorainn laistigh na Gearmáine go dtí Beirlín Thiar nó Poblacht na Cónaidhme.[4] Gearradh sé bliana go leith príosúin ar Krenz agus trí bliana ar Schabowski agus Kleiber an duine.

Achomharc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cúirt Eorpach um Chearta an Duine, Strasbourg

Chuir Krenz iarratas faoi bhráid na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, ag maíomh gur ciontaíodh é trí shárú ar Airteagal 7 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (a chuireann cosc ar dhuine ar bith a chiontú mar gheall ar ghníomh nó faillí nár chion coiriúil faoi dhlí náisiúnta nó dlí idirnáisiúnta é tráth a ndearnadh é.).[5]

Dhiúltaigh an Mór-Dhlísheomra dá iarratas toisc go raibh polasaí PGG maidir leis an bpóilíneacht teorann ina shárú mínáireach ar chearta an duine, agus an ceart chun na beatha thar aon ní eile, an luach uachtarach in ordlathas idirnáisiúnta chearta an duine, an oiread sin ionas nach féidir le hAireagal 7 § 1 den Choinbhinsiún baint leis.[6]

Egon Krenz sa bhliain 1989

Murab ionann is Schabowski agus Kleiber, maígh Krenz gur "ceartas na mbuaiteoirí" gur ciontaíodh é. Is samplaí den scoth a gcás agus cásanna eile dá leithéid agus plé á dhéanamh ar an méid gur féidir an dlí coiriúil a chur i bhfeidhm go cuí maidir le gníomhartha oifigiúla a rinneadh faoi réimeas neamhdhaonlathach a bhí ann roimhe sin.[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Republikflucht" (as en) (2020-05-17). Wikipedia. 
  2. BBC, "1997: East German leader guilty of Berlin Wall deaths" (en-GB) (1997-08-25). Dáta rochtana: 2020-08-25.
  3. 3.0 3.1 Scoil Dlí, COBÁC. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-08-25.
  4. BBC, "E German 'licence to kill' found" (en-GB) (2007-08-12). Dáta rochtana: 2020-08-25.
  5. "STRELETZ, KESSLER AND KRENZ v. GERMANY - 34044/96;35532/97;44801/98 [2001 ECHR 230 (22 March 2001)]". www.bailii.org. Dáta rochtana: 2020-08-25.
  6. breithiúnas den 22ú lá de Mhárta 2001, para 87.