Ségolène Royal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ségolène Royal sa bhlian 2000

Is polaiteoir Francach í Marie-Ségolène Royal (22 Meán Fómhair 1953 a rugadh í) ar a dtugtar Ségolène Royal go forleathan. Is í Royal an t-Uachtarán réigiúnda do Poitou-Charentes agus tá sí ina ball den Tionól Náisiúnta. Bhí sí mar iarrthóir oifigiúil do Pháirtí na Sóisialaithe d'uachtarántacht na Fraince i 2007. Theip uirthi an toghchán a bhuacaint agus d'éirigh lena hiomathóir ón UMP, Nicolas Sarkozy, an t-uachtarántacht a bhaint amach.

Bhí caidreamh aici le Ard-Rúnaí na Sóisialaigh, François Hollande, agus tá ceathrar clainne acu. Go gairid i ndiaidh an toghcháin sa bhliain 2007, scaireadar óna chéile. Bhí caidreamh eile ag François Hollande le iriseoir agus b'shin an fáth a scaireadar.


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí