Russell Brand
| Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Is fuirseoir, láithreoir teilifíse agus aisteoir Sasanach é Russell Edward Brand. Rugadh é in Essex ar an 4 Meitheamh 1974.
Clár ábhair |
Gairm [athraigh]
Seó grinn ar do bhoinn [athraigh]
Bhí a chéad seó grinn mór le rá ag Russell nuair a ghlac sé páirt i gcomórtas grinn, The Hackney Empire New Act of the Year, sa bhliain 2002. Níor bhuaigh sé ach spreag sé suim John Noel, gníomhaire a bhí i láthair ag an ocáid. Bhí a chéad turas náisiúnta aige i 2006, darbh ainm Shame, a bhí bunaithe ar scéalta náireacha a tharla in a shaol. Ó shin tá cur i láthair déanta aige i Little Britain Live agus The Secret Policeman's Ball chomh maith le turas náisiúnta eile i 2007.
Láithreach Teilifíse [athraigh]
Thosaigh Russell a ghairm teilifíse ar MTV ach chaill sé a phost i 2001 toisc gur ghléas sé mar Osama bin Laden an lá i ndiadh 9/11. Sa bhliain 2002 rinne sé RE:brand ar stáisiún satailíte UK Play, i ngach eagrán rinne sé gníomh sáraithe geise. Sa bhliain 2004 thosaigh sé ag láithreach ar E4 ar seó darbh ainm Big Brother's Big Mouth i 2004. D'fhág sé an clár i 2007 ach ghlac sé páirt i Big Brother Celebrity Hijack i 2008. Níor éirigh ró-mhaith le clár eile a bhí aige ar E4 darbh ainm Russell Brand's Got Issues, níor mhair sé ach do shraith amháin. Rinne sé clár grinn ar do bhoinn darbh ainm Ponderland ar Channel 4 i 2007, tosóidh an dara sraith sa gheimhreadh 2008.
Aisteoireacht [athraigh]
Tá aisteoireacht teilifíse déanta ag Russell sa dráma coirscéalta The Bill, chomh maith leis an gclár grinn The Abbey i 2007. Bhí a chéad ról mór le rá aige sa scannán Hollywood 2008 Forgetting Sarah Marshall, fuair sé léirmheasanna iontacha dá pháirt agus mar sin d'éirigh sé i bhfad níos cáiliúla i Meiriceá thar oíche. Bhí mionpháirt aige sa scannán Penelope sa bhliain 2007 chomh maith le ról i St. Trinians mar Flash Harry. Beidh a céad scannán eile Bedtime Stories le Adam Sandler.
Raidió [athraigh]
Thosaigh gairm Russell ar an raidió i 2002 ar Xfm ach chaill sé a phost toisc gur léigh sé ábhar pornagrafach ar an aer. In Aibreán 2006 fuair sé post ar BBC 6Music a bhog thall go BBC Radio 2 i mí na Samhna den bhliain céanna. Meallann an clár 2 milliún éisteoir.
Gradaim [athraigh]
|
Obair Roghnaithe [athraigh]
Tagairtí [athraigh]
- ↑ 20th Time Out Live Awards Winners - Comedy
- ↑ McCartney is GQ's Man of the Year
- ↑ Bond actor is 'most stylish' star
- ↑ Russell Brand named 'worst-dressed man'
- ↑ Loaded Laftas
- ↑ Little Britain's big win
- ↑ Broadcasting Press Guild
- ↑ Fearne Cotton and Russell Brand Voted 'Sexiest Vegetarians'
- ↑ 9.0 9.1 Fiona Phillips and Russell Brand Named PETA Europe's Sexiest Vegetarian Celebrities of 2007
- ↑ Richard & Judy – 11 Iúil 2008
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.