Adam Sandler

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Adam Sandler
Adam Sandler 2011 (Cropped).jpg
Ainm breithe Adam Richard Sandler
Breith 9 Meán Fomhair, 1966
  Brooklyn, Nua Eabhrac
Náisiúntacht Stáit Aontaithe Mheiriceá
Gairm Aisteoir
Gníomhach 1990 - anois
Céile Jackie Sandler

Is aisteóir, fuirseoir, agus táirgeoir Meiriceánach é Adam Richard Sandler. Rugadh sé sa bhliain 1966, ar an 9ú Meán Fomhair, i mBrooklyn, Nua-Eabhrac. Tháinig sé go cáil ina bhall de foireann Saturday Night Live. Tá sé cáiliúil mar an réalt na scánnáin a thuill níos mó ná $2 billiúin ag an oifig ticéad[1], ina measc na scannáin grinn: Billy Madison (1995), Happy Gilmore (1996), The Waterboy (1998), Big Daddy (1999), agus Mr. Deeds (2002). Comh maith le scannáin grinn, ghlac sé pháirt i scannáin drámaíochta, mar shampla na léiriú: Punch-Drunk Love (2002), Reign Over Me (2007), agus Funny People (2009). I 1999, bhunaigh Sandler Happy Madison Productions, comhlacht léiriú na teilifíse agus na scannáin a léirigh a lán scannáin agus an sraith teilifíse Rules of Engagement (2007). Meastar go bhfuil sé fiú níos mo ná $300 milliún.[2]

Saol óige[athraigh | edit source]

Rugadh Adam Sandler i mBrooklyn, Nua-Eabhrac. Is mac dá Stanley agus Judy Sandler é. D'oibrigh a athair mar innealtóir leictreach, agus a mathair mar mhúinteor i scoil naoílann.[3] Is as theaghlach giúdach é.[4] Nuair a bhí Adam cúig bhliana d'aois, bhog a chlann go Manchester, New Hampshire, agus d'fhreastáil sé Manchester Central High School anseo. Bhí fuirseoir íontach é, agus bhláthaigh a shuim i gcoiméide ag fhreastáil New York University. D'fhág Sandler an Tisch School of the Arts, chuid de NYU, i 1988.[5]

Teaghlach[athraigh | edit source]

Sandler lena iníon, Sunny agus Sadie ag a shearmanas chun réalt ar an Hollywood Walk of Fame a fháil, Feabhra 2011

Ar an 22ú Meitheamh, 2003, phós sé Jacqueline Samantha Titone. Tá dhá iníon ag an cúpla- Sadie Madison Sandler[6], (rugadh i 2006), agus Sunny Madeline Sandler[7] (rugadh i 2008). Tá siad ina gcónaí i Los Angeles, An Chalafóirn.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. "People Index". Boxofficemojo.com (Aibreán 30, 2013).
  2. "Adam Sandler Net Worth" (Meitheamh 17, 2013).
  3. "Adam Sandler Biography (1966?-)." Film Reference.com.
  4. "Adam Sandler's Jewish Roots." Jewogle.com
  5. "Live From New York, It's...". New York University (Earrach 2008).
  6. "Adam Sandler, Wife Have a Baby." People.com.
  7. "Adam Sandler and wife have second daughter." Reuters.com. 12ú Samhain, 2008.