Rop-scairdinneall

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is inneall é an rop-scairdinneall (nó an t-inneall stóbh-phíopa) nach n-úsáideann mór-bhaill luaileach agus atá iontach úsáideach le haghaidh feidhmeanna áirithe, nuair atá innill bheaga shimplí le hardluas ag teastáil; diúracáin mar shampla. Moillítear an t-aer atá faoi ardluas le hidirleatóir, rud a tháirgeann méadú comhfhreagrach i mbrú an aeir. Inteilgtear breosla san aer seo agus dóitear an meascán go leanúnach ansin. Teilgtear na gáis theo ar gcúl i bhfoirm scaird gáis. Tá an modh scairdtiomána seo praiticiúil ar luasanna chomh hard le 8 oiread luas forleata na fuaime (Ma 8).

D'éiríodh leo a úsáid freisin mar rinnscaird ar héileacaptair, ach ní raibh na hinnill an-éifeachtúil.

Rop-Scairdinneall

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]