Inneall turba-scairde

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is iad na scairdinnill is simplí agus is sine iad na hinnill turba-scairde. D'fhorbair an bheirt innealtóir éagsúil, Frank Whittle i Sasana agus Hans von Ohain san Ghearmáin an coincheap, neamhspleách óna chéile, sna tríochaidí.

Tá na turba-scairde comhdhéanta de ionraon aeir, comhbhrúiteoir aeir, cuasán dó, gástuirbín (a thiománann aer chuig an chomhbhrúitera) agus soc.

Comhbhrúitear an t-aer isteach sa chuasán, bíonn an teas dócháin freagrach as an aer a fhorleathnú agus a téamh, agus ar aghaidh ansin leis an gás sceite, tríd an tuirbín agus amach as an soc, i gcúrsa luathaithe, a thugann cumhacht tiomána don fheithicil.

Tá na turba-scairde neamhéifeachtach ( ag luas níos lú ná Mach2) agus íontach challánach. Bíonn innill turbai-fean in úsáid ag mórchuid aerárthaí na linne seo.

Léaráid ag taispeáint feidhmiú innill turbai-scairde le sreabhadh lártheifeach. Tá an comhbhrúiteoir á thoimaint tríd an chéim thuirbíneach agus caitear an t-aer amach, a cheanglaíonn dó bheith ath-stiúraithe comhthreomhardh le hais an sá.

Stair[athraigh | edit source]

Ba é an Heinkel He 178 an chéad scairdeitleán a d'úsáid cumhacht innill turba-fean le haghaidh eitilte, ar an 27 Mí Lúnasa na bliana 1939.

Ba é an Messerschmitt Me 262 agus an Gloster Meteor na chéad innill turba-scairde oibríochta a bhí rannpháirteach sa Dara Cogadh Domhanda i 1944.

Úsaidtear an t-inneall turba-scairde go príomha le haghaidh eitleáin a thiomáint.Tarraingítear aer isteach sa chomhbhrúiteoir rothlach, tríd an ionraon aeir, agus i ndiaidh an t-aer a bheith chomhbhrúite go dtí brú níos airde, ligtear é isteach sa chuasán dó. Measctar an breosla leis an aer comhbhrúite agus téann an meascán seo ag bladhmadh i sruth guairneáin an choinneálaí lasrach. Ardaíonn an próiseas dó seo teocht an gháis go suntasach. Forbraíonn na táirgí dó iontach te seo agus iad ag dul tríd an turibín, áit a mbaintear cumhacht as le haghaidh an chomhbhrúiteora. Cé go laghdaíonn an próiseas forbartha brú agus teocht an gháis a imíonn amach ón tuirbín, de gnáth, bíonn na paraiméadair araon fós níos airde ná na coinníollacha comhthimpeallacha.

Forbraíonn an sruth gáis go dtí brú chomhthimpeallach agus é ar a shlí amach ón tuirbín, tríd an soc tiomána, agus táirgítear scaird gháis ardluais sa chleitín sceite. Má tá móiminteam an tsrutha sceite níos mó ná móiminteam an gháis iontógála, bíonn an ríog dearfach, agus de réir sin bíonn sá glan chun tosaigh ar an aerinneall.

Bhí scairdinnill den chéad ghlúin ina ghlan innill turba-scairde le chomhbhrúiteoir lártheifeach nó aiseach. Is innill turbai-fean iad den chuid is mó na scairdinnill nua-aimseartha, ina dtéann céatadán d'aer-iontógála ar seach-chonair ón dóire: agus an céatadán seo ag brath ar coibhneas seach-chonair an innill. Cé go bhfuil dearadh innill na rop-scairdinneall níos simplí, mar nach bhfuil chóir a bheith páirteanna gluaisteacha acu, níl siad in ann feidhmiú ag íseal-luas eitilte.

Aer-iontógáil[athraigh | edit source]

Beochan de chomhbhrúiteoir aiseach. Is iad na státair na lanna dorcha.
Léaráid ag taispeáint feidhmiú innill turbai-scairde le sreabhadh aiseach.Sa chás seo,tá an comhbhrúiteoir á thoimaint tríd an chéim thuirbíneach, ach fanann an t-aer comhthreomhar le hais an sá.

Tá an t-ionraon aeir suite os comhair an chomhbhrúiteora, agus é ceaptha chun rop-bhrú an tsruthfheadáin, a thagann ón aer-iontógáil, a shábháil ar an mbealach is éifeachtúla. Ag leanúint ón ionraon aeir, téann an t-aer isteach san chomhbhrúiteoir.

Comhbhrúiteoir[athraigh | edit source]

Tarraingítear aer isteach sa chomhbhrúiteoir rothlach, tríd an ionraon aeir, agus i ndiaidh an t-aer a bheith chomhbhrúite go dtí brú níos airde, ligtear é isteach sa chuasán dó. Measctar an breosla leis an aer comhbhrúite. Rothlaíonn an comhbhrúiteoir faoi an-ard luais,agus cuireann seo le fuinneamh na haershreibhe. Go comhuaineach, comhbhrúitear an t-aer isteach i ndlúthspás, dá bharr sin, ardaítear a bhrú agus a teocht. Sa chuid is mó de na heitleáin scairdchumhachta, baintear amach aer-sceite ón chomhbhrúiteoir go comhleanúnach i dtreo is gur féidir jabanna éagsúla a dhéanamh, aerchóiriú/brúchóiriú, ionraon an innill a neamh-oighriú agus fuarú an tuirbín san áireamh.

Go ginearálta bíonn na hilchineálacha comhbhrúiteoirí in úsáid sna hinnill turba-scairde agus gástuirbíní: aiseach, lártheifeach, aiseach-lártheifeach, dé-lártheifeach, srl.

I dtosach, bhí brúchóimheas foriomlán sách íseal de 5:1 ag comhbhrúiteoir an innill turba-scairde ( mar atá ag méid mór de na haonaid-chúnta chúmhtacha agus na hinneall turba-scairde cumhacht- tiomána an lae inniu.)

Do bhí ar chumas na hinnill turba-scairde níos déanaí,de réir feabhsú aeraidinimiciúl, maille leis an córas comhbhrúite a scaradh i dhá aonaid ar leith agus/nó ina bhfuil comhbhrúiteoir le céimseata athraitheach insuite, brúchóimheas foriomlán sách ard de 15:1 nó níos mó a bhaint amach.

I gcomórtas leo siúd. bíonn brúchóimheas foriomlán comh hard le 44:1 nó níos mó ag na hinnill turbai- fean sibhialta, na linne seo.

Cuasán Dó[athraigh | edit source]

Tá an próiseas dócháin sa chuasán dó i bhfad níos difriúla ná a leithéid in inneall loiní. Dónn an t-inneall loiní gáis i gcuasánd le toirt bheag agus teoranta, agus i rith loiscneach an bhreosla, ardaíonn an brú go suntasach. San inneall turba-scairde, téann an meascán d'aer agus de bhreosla, neamhghaibhnithe, tríd an cuasán dó. De réir agus a dhónn an meascán, ardaíonn an teocht go suntasach, agus ní thagann mórán athrú ar an mbrú (bíonn beagán titim air).


Tuirbín[athraigh | edit source]

Foinsí[athraigh | edit source]

Féach freisin[athraigh | edit source]