Scairdinneall

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is inneall é an scairdinneallan t-inneall turba-scairde ina súitear aer isteach ann chun tosaigh, comhbhrúitear an t-aer, go hiondúil le ghaothrán (fean mór), roimh a théann sé ar aghaidh agus isteach i gcuasán dó. Sa chuasán dó, measctar breosala leis agus dóitear an meascán seo. Gineann an próiséas seo sá nó ropadh, de réir Tríú Dlí Newton, nuair a phléascann an gáis an-te amach ar chúl an innill. Ní foláir fuinneamh agus cumhacht chun luasghéarú a dhéanamh ar an aer te ar gcúl. Bíonn an t-Inneall Turba-scairde, an t-Inneall Turbai-fean, an Rop-Scairdinneall, an Bhíog-Scairdinneall, an Caidéal-Scairdinneall, agus an Roicéad san áireamh leis an sainmhíniú leathan seo. Sa ghnáthchaint, áfach, úsáidtear an téarma i gcomhthéacs an innill gháistuirbín chiogail Bhryton. Seo inneall, le chomhbhrúiteoir rothlach, á chumhachtú ag tuirbín agus bíonn a aschur cumhachta in ann sá nó ropadh a sholáthair. San lá atá inniu ann, bíonn scairdinnill chomh-aithnidiúil sin go ndéantar tagairt, de dhearmad, do ghástuirbíní mar fheidhmiú faoi leith de scairdinnill, in ionad a mhalairt. Den chuid is mó, is innill dócháin inmheánacha iad na scairdinnill, ach tá innill neamh-dhócháin inmheánacha ann freisin.

Léiriúchán de 'Scairdinneall turbai-fean', ón taobh istigh.

Stair[athraigh | edit source]

Téann na scairdinnill réamhdhátaithe chomh fada siar leis an chéad aois AD, nuair a d'fhionn Hearón ó Chathair Alastair, an t-aeolipile. D'úsáid inneall Hearón gal-chumhacht, a bhí dírithe tríd dhá shoc scairde, le haghaidh an tsféir a chur ar casadh go gasta ar a ais. B'ábhar fiosrachta é, ar feadh na mblianta, agus is annamh a d'úsáideadh é le haghaidh cumhachta meicniúla a sholáthair, agus níor cheapadh go mbeadh feidhm phraiticiúil leis.

Bhain na Sínigh úsáid as scaird-ghluaiseacht sa 11ú Chéad, le fhionnachtain an roicéid. Ar dtús, bhain muintir na Síne feidhm as sceitheadh roicéid chun tinte ealaíne a thaispeáint, ach de réir a chéile, bhaineadh úsáid astu chun gléasanna troda a thógáil. Ba é shin an scéal ar feadh na céadta blianta.

Bhí sé aitheanta go raibh na roicéid neamhéifeachtach ag luas íseal le haghaidh na heitlíochta. Ina áit, sna 1930idí, ní raibh ach an t-inneall-loiní amháin, ina gcruthanna éagsúla (rothlach agus gathach-statach, aer-fhuaraithe agus leacht-fhuaraithe inlíne) a bhí ar fáil don dearthóir eitleáin. Bhí seo inghlactha a fhad agus a bhí eitleáin íseal-fheidhmíochta riachtanach nó fiú ar fáil.

De réir a chéile, d'aithin innealtóirí go raibh an t-inneall-loiní féin-teorantach, maidir le a uasmhéid oibrithe; go raibh a lián-éifeachtachta freagrach as an teorannú seo. Bhí an cuma ar an scéal go raibh an t-uasmhéid ag teacht chun a bhuaicphointe de réir is go raibh rinn na lainne i ngiorracht luas na fuaime.

Le teacht i dtír ar an fhadhb seo (a luas teorainn), bhí gá le teacht ar dearadh úr nua don inneall-loiní, nó fiú inneall cumhachta eile, a thabharfadh feidhmiú-innill i bhfad níos fearr. Spreag an dúshlán seo obair forbartha ar an scairdinneall nó an t-inneall turba-scairde (nó turn-scairde), a chuirfeadh réabhlóid ar bun i gcúrsaí eitlíochta, chomh mór sinn b'fhéidir agus éacht na ndeartháireacha Wright i Kitty Hawk, sa bhliain 1903.

Ag tús na réabhlóide seo, tháinig dearaí croschineálacha amach ina raibh soláthar cumhachta na hinnill turba-scairde ar an taobh amuigh, le haghaidh gáis a chomhbhrú. Bhí breosla measctha ansin leis an aer bhrúite seo agus an meascán dóite le haghaidh sá a cruthú. I gcóras amháin den chineál seo innill, dá ngairtear 'scaird-teasa' ag Secondo Campini,( ach is fearr aithne orthu mar, scaird-innill nó an scaird-mhótar), bhí an gás comhbhrúite le cuidiú ghaothráin, tiománaithe ag gnáth inneall-loiní. Samplaí díobh siúd is ea an t-eitleán 'Coandă-1910', de chuid Henri Coandă. agus an 'Caproni CC.2', a tháinig amach i bhfad níos faide ar aghaidh, agus an t-inneall Seapánach, an 'Tsu-11', a bhí chun dul isteach sna heitleáin 'Ohka kamikaze' nuair a bhí an Dara Cogadh Domhanda ag teacht chun deiridh. Ní raibh rath iomlán orthu siúd agus tharla sé go raibh an 'Caproni CC.2' níos moille ná an t-eitleán céanna agus gnáth inneall turn-liáin á thiomáint.

Ba é an eochair a d'fhorbairt scaird-innill praiticiúil ná an gástuirbín a d'úsáideadh chun fuinneamh a asbhaint ón inneall é féin, agus chun an comhbhrúiteoir a thiomáint. Níor smaoiníodar ar fhorbairt an innill- gháistuirbíneach sna tríochaidí: bhain John Barber, Sasanach, an phaitinn amach sa bhliain 1791 do thuirbín do-aistrithe. D'éirigh le Ægidius Elling, innealtóir Ioruach, an chéad ghástuirbín féin-chothabhálach a thógáil sa bhliain 1903. D'eisíodh an chéad phaitinn d'inneall scaird-tiomáinte sa bhliain 1917.

Chuir laincisí deartha, innealtóireachta praiticiúla agus fadhbanna miotalóireachta, bac ar déantúsaíocht na n-inneall. Tháinig na fadhbanna seo a leanas chun tosaigh áfach; sábháilteacht, iontaofacht, meáchan, agus ach go háirithe a oibríocht mharthanach, agus chuireadh srian ar dul chun cinn na d-teicneolaíochta.