Radovan Karadžić
| Radovan Karadžić Радован Караџић |
|
| Radovan Karadžić sa bhliain 1994 | |
|
1ú Uachtarán ar an Republika Srpska
|
|
| In oifig 7 Aibreán 1992 – 19 Iúil 1996 |
|
| Réamhtheachtaí: | (oifig nua) |
| Comharba: | Biljana Plavšić |
|
|
|
| Dáta breithe | 19 Meitheamh 1945 |
| Petnjica, PSF na Iúgslaive | |
| Páirtí | SDS |
| Gairm | Síciatraí |
| Céile | Ljiljana Zelen-Karadžić |
| Síniú |
|
Iar-pholaiteoir, file agus síciatraí Serbiach is ea é Radovan Karadžić (Seirbis Choireallach: Радован Караџић). Rugadh é ar an 19 Meitheamh 1945 i bPetnjica, Poblacht Shóisialta Mhontainéagró, Poblacht Chónaidhme Shóisialta na hIúgslaive). Bhí Karadžić ina uachtarán ar an chéad rialtas Boisniach-Seirbiach, agus b'eisean a bhí i gceannas i rith an Chogaidh Bhoisniach idir na blianta 1992 agus 1995. Mar gheall ar an gcinedhíothú a tharla in Srebrenica sa bhliain 1995 agus coireanna chogaidh eile a rinneadh le linn an chogaidh sin, sa bhliain 1995 d’ordaigh breitheamh ó Bhinse Idirnáisiúnta don Iar-Iúgslaiv go dtabharfaí os comhair Chúirt na Náisiún Aontaithe sa Háig é in éineacht le Ratko Mladić, Ceann Foirne Arm Republika Srpska nó an t-Arm Boisniach Seirbiach. Mar thoradh ar sin chaith sé na blianta idir 1995 agus 2008 ar a sheachaint ó na húdaráis. Chaith sé roinnt ama ag obair i mBéalgrád faoin ainm bréige Dragan Dabić sular gabhadh é ar 21 Iúil 2008.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.