Rabairt Bontine Coineagan Greumach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRabairt Bontine Coineagan Greumach

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(es) Robert Cunninghame Graham
Beathaisnéis
Breith24 Bealtaine 1852
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás20 Márta 1936
83 bliana d'aois
Buenos Aires, An Airgintín Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Niúmóine)
Áit adhlacthaInchmahome Priory (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball den 24ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
1 Iúil 1886 – 28 Meitheamh 1892 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: North West Lanarkshire (en) Aistrigh

Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síScoil Harrow Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibrePolaitíocht agus iriseoireacht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmtaiscéalaí, iriseoir, beathaisnéisí, scríbhneoir, taistealaí ar fud an domhain, aistritheoir, polaiteoir, staraí, teangeolaí, iriseoir tuairime Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPàrtaidh Nàiseanta na h-Alba
An Páirtí Liobrálach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Spáinnis agus Béarla
Teaghlach
CéileGabriela Cunninghame Graham Cuir in eagar ar Wikidata
AthairWilliam Cunninghame Graham Bontine  agus Anne Elizabeth Bontine (née Elphinstone-Fleeming)

Polaiteoir, scríbhneoir, iriseoir agus eachtránaí ab ea Rabairt Bontine Coineagan Greumach (Béarla; Robert Bontine Cunningham Graham, 24 Bealtaine 1852-20 Márta 1936), agus an chéad fheisire parlaiminte sóisialach riamh sa Bhreatain. Bhunaigh sé ní hamháin Páirtí an Lucht Oibre, ach bhunaigh sé Páirtí Náisiúnta na hAlban freisin.

Múinteoir Spáinnise a bhí i seanmháthair a mháthair, Doña Catalina Paulina Alessandro de Jiménez. Ach in ainneoin a thógáil uasal, ba shóisialach é Rabairt a throid ar son cearta daoine eile, in Albain agus thar lear. Cé gur rugadh Rabairt i Londain sa bhliain 1852, chaith sé an chuid is mó dá óige ar eastát an teaghlaigh, Finlaystone House, in Inbhir Chluaidh agus in Ardoch Siorrachd Dhùn Breatann. . Bhí baint aige leis an Spáinn, agus ó tharla go raibh tionchar mór ag a mháthair agus a sheanmháthair ar Rabairt óg, ba í an Spáinnis a chéad teanga.


Chuaigh Coineagan Greumach chuig scoil chónaithe Harrow, agus ina dhiaidh sin chuaigh sé go dtí an Airgintín le haghaidh eallach a bheathú. Bhain sé cáil amach mar eachtránaí agus Gaucho. Chuaigh sé go Maracó faoi bhréagriocht mar síc Turcach, mhúin sé pionsóireacht i Meicsiceo, agus bhí sé ina chairde le Buffalo Bill é féin i dTexas .

Mar sin féin, agus é ag taisteal thar lear, chonaic sé an taobh eile d’Impireacht na Breataine, agus an dochar a bhí á dhéanamh aici do na pobail dhúchasacha. .