Rúin na bPortach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de sèrie de televisióRúin na bPortach
Séanrasaothar faisnéiseach
TírÉire
Bunteangaan Ghaeilge
Bealach teilifíseTG4
An chéad eipeasóid15 Samhain 2023

Is sraith teilifíse Ghaeilge ar TG4 é Rúin na bPortach ina dtugtar léargas ar leith ar phortaigh agus ar thailte portaigh na hÉireann agus an domhain. Craoladh é den chéad uair sa bhliain 2023. Comhléiriú de chuid TG4, BBC Alba agus CBC Cheanada is ea é. Tugann an láithreoir Cormac Ó hAdhmaill an lucht féachana ar aistear trí thailte portaigh bóireacha Cheanada go machairí móna fairsinge na Fionlainne agus portaigh áille na hÉireann. Casann sé le daoine atá ag iarraidh leigheas a bhaint as plandaí portaigh dúchais, mar aon le daoine a thugann aire do charria rua na hAlban ar shléibhte móna Inse Ghall. Fiosraítear freisin an bealach a bhfuil na hathruithe ar thionscal na móna ag dul i bhfeidhm ar an saol mór.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]