Róbaitic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
REEM-A daonnóideach (humanoid), Davide Faconti, Pal Technology, www.pal-robotics.com

Is meascán de raon disciplíní é róbataic, lena n-áirítear ríomheolaíocht agus innealtóireacht mheicniúil agus leictreonach, le tacú le dearadh, oibriú, táirgeadh agus cur i bhfeidhm na róbat. Chomh maith leis sin, ionchorpraíonn sé úsáid chórais rialaithe na ríomhairí i bpróiseáil na faisnéise agus an dóigh a gcuireann siad aiseolas ó bhraiteoirí i bhfeidhm, aiseolas a úsáidtear mar eilimintí ionchuir.

Is é an tuairim eile faoi róbaitic is ea gur úsáid na gcóras rialaithe agus na dteicneolaíochtaí faisnéisego agus na dteicneolaíochtaí faisnéise í leis an ghá le hobair daoine i dtáirgeadh earraí agus seirbhísí a laghdú. I raon feidhme na tionsclaíochta, is céim níos faide ná an meicniú é an t-uathoibriú.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

An scríbhneoir cáiliúil ficsean eolaíochta Isaac Azimov a chum an focal robot i scéal i 1942.

Táirgeacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is minic róbait in úsáid i gcórais déantúsaíochta uathoibríche, mar shampla i ndéanamh gluaisteán ar línte cóimeála. Is féidir iad a úsáid mar bhraiteoirí, feistithe le radharc saorga, tadhall is brath teochta.

Cuid mhaith díobh in ann socruithe a dhéanamh gan idirghabháil an oibreora, trí ríomhchláir a forbraíodh ó eolas an tsaineolaí ar an ngnó.

Nuair a bhíonn róbat i bhfoirm dhaonna, tugtar andróideach air.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Róbaitic". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 564.