Ráib

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Luibh dhébhliantúil a fhásann suas le 1 m ar airde, gaolmhar leis an svaeid ach gan fréamh thiúbrach aici. Na duilleoga scothghorm/glas, na bláthanna buí croischruthach. Saothraítear mar fhoráiste í, agus níos mó le himeacht ama mar fhoinse ola ráibe, a fhaightear ó na síolta brúite. Cáca síol ráibe a dhéantar as an iarmhar.