Pyotr Leonidovich Kapitsa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí a saolaíodh i gKronstadt na Rúise ab ea Pyotr Leonidovich Kapitsa (1894-1984). Rinne sé taighde bunúsach ar mhaignéadas an-dian, teocht an-íseal, agus leachtú hidrigine is héiliam. Le Arno Penzias is Robert Wilson, bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfisic i 1978 as an saothar seo.